PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
His acquaintance with Latin, an t-eolas atá aige ar an Laidin.
To find, to get, one's bearings, teacht ar an eolas.
To give s.o. a clue, duine a chur ar an eolas.
Competent knowledge of Irish, eolas maith ar an nGaeilge.
He made himself familiar with the language, chuir sé eolas ar an teanga.
I owe much to his guidance, táim faoi chomaoin mhór aige as ucht a chomhairle, as mé a chur ar an eolas.
Natural history, eolas m ar an nádúr.
He has some idea of chemistry, tá eolas éigin, breac-eolas, aige ar an gceimic.
The case was remanded for further inquiry, cuireadh an cás ar gcúl go bhfaighfí tuilleadh eolais.
He put on a knowing look, chuir sé cuma an eolais air féin.
His wide knowledge of. . ., an t-eolas mór atá aige ar . . .
Knowledge of the world, eolas ar an saol.
Nau: He knew the lie of the coast, bhí luí an chósta ar eolas aige.
He has seen life, chuir sé eolas mór ar an saol.
Our oracular press, na páipéir seo againn a bhfuil an t-eolas ar fad acu.
I have personal knowledge of this kind of life, tá eolas agam féin ar an gcineál seo saoil.
Is it possible that you know nothing about it? an féidir nach bhfuil aon eolas agat air?
F: To post s.o. up with sth., duine a chur ar an eolas faoi rud.
To put s.o. in the right way, duine a chur ar an eolas.
To put s.o. right, (i) duine a chur ar an mbóthar ceart, ar an eolas; (ii) duine a cheartú.
To put s.o. up to the ropes, duine a chur ar an eolas.
He has seen a good deal of the world, tá eolas maith ar an saol aige.
He is strong in Greek, tá eolas maith ar an nGréigis aige.
I know the subject thoroughly, tá an t-ábhar ar eolas go fréamh agam.
To put s.o. on the right track, duine a chur ar an eolas.
To show s.o. the way, duine a chur ar a bhealach, eolas an bhealaigh a thabhairt do dhuine.
He is well up in Russian, tá eolas mór ar an Rúisis aige.
He told me what was what, chuir sé ar an eolas mé.
Put me wise about it, cuir ar an eolas mé faoi.
I was sent the wrong way, cuireadh ar an eolas contráilte mé.