PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is only a child's play in comparison to . . ., níl ann ach caitheamh dairteacha le hais ...
It is dead and done for, tá sé caite i dtraipisí.
(Of regulation) It has become a dead letter, tá sé ar ceal, caite i gcártaí.
He has been in foreign parts, tá tamall caite aige ar an gcoigríoch, thar lear, i gcéin (ón mbaile).
It has gone out of fashion, tá sé caite i dtraipisí, san aer
He had hankerings after the sea, (i) bhí caitheamh i ndiaidh na farraige aige; (ii) bhí dúil aige dul ina mhairnéalach.
Left-off clothing, balcaisí fpl (a bheadh) caite i leataobh; seanéadaí mpl.
To lie in prison, bheith caite i bpríosún.
I must manage as best I can, caithfidh mé teacht i dtír chomh maith agus thig liom.
Pharm: 'To be taken after meals, before meals', 'caitear i ndiaidh béile, roimh bhéile'.
The orders must be obeyed, caithfear na horduithe a chur i gcrích.
To bring the gun to firing position, an gunna a chur i dtreo a chaite.
You really must go there, caithfidh tú dul ann cinnte.
F: To be on the shelf, bheith caite i gcártaí.
The dye must be allowed to sink in, caithfear ligean don dath dul domhain ann; caithfidh sé an dath a shú.
In the style of the last century, i bhfaisean na haoise seo caite.
That method is now superseded, tá an modh sin caite i gcártaí anois.
To treat s.o. well, bheith i do cheann maith do dhuine, caitheamh go maith le duine.
Stuff that will stand hard wear, éadach a mbeidh teacht aniar, caitheamh maith, ann.
It will wear well, tá cuid a chaite ann.
Good-wearing material, ábhar a bhfuil caitheamh, seasamh, maith ann.