PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To turn something about, rud a iompú thart, a chasadh thart.
To turn about, iompú thart, casadh thart.
To accuse a person of sth., rud a chur i leith duine, a chasadh le duine, a chur síos do dhuine, a fhágáil ar dhuine.
To come, to drop, across a person, casadh ar duine (de thaisme).
F: I ran up against him, casadh orm de thaisme é.
Belay! (i) Cas! (ii) F: stad! is leor sin!
To bind a wreath about s.o.'s head, fleasc a chasadh thart faoi chloigeann duine.
F: The boot is now on the other foot, ar chasadh na n-each, tig athrach scéal; tá malairt scéil anois ann.
What brought you here? céard a chas, a sheol, anseo thú?
Chance brought us together, de thaisme a casadh ar a chéile sinn.
You needn't cast it in his teeth, níl aon chall duit é a chasadh leis.
To cast sth. up to s.o., rud a chasadh le duine.
Av: (Of engine) To clock over, casadh go bog.
I came upon a large house, casadh teach mór orm.
Concealed turning, casadh folaithe.
Stranded, twisted, cord, corda casta,
To corner sharply, coirnéal a chasadh go géar.
To curl sth. around sth., rud a chuachadh, a chasadh, ar rud.
Aut: etc: To cut a corner (close), coirnéal a chasadh go géar.
(Of hunted animal) He doubled (back), chas sé, d'fhill sé, ar ais.
The ivy entwines the elms, casann an t-eidhneán é féin timpeall ar na leamháin.
He fell on evil days, chas an roth tuathal air.
He finished by calling me a liar, ba é críoch agus deireadh na mbeart gur chas sé an t-éitheach liom.
The revolver failed to fire, chas an gunnán; níor scaoil an gunnán.
A flick of the wrist, casadh m, cor m, den rusta.
It is only a form of speech, níl ann ach casadh, modh, cainte.
He got into bad company, casadh i measc droch-chomrádaithe é.
Gushing spring, caise fhíoruisce.
How does it happen that you are here? cad é a chas anseo thú?
To haul upon the wind, casadh thart in éadan na gaoithe.
To heave (away) at the capstan, casadh ar an tochard.
Abs. To heave in, casadh ar an tochard.
Imagine meeting you here! ní féidir gur casadh anseo thusa!
Knotty point, pointe casta, achrannach.
To lap sth. round sth., rud a fhilleadh, a chasadh, timpeall ruda.
(Ropemaking, etc.) Left-hand turn, twist, casadh tuathail.
(Of ship, etc.) It can turn in its own length, tig léi casadh laistigh dá fad féin, ar a fad féin.
He'll never live it down, beidh sé á chasadh leis go brách.
In many instances, ina lán cas.
He met his master, casadh fear a mhúinte air.
He met his match, casadh duine dó a bhí inchurtha leis; casadh fear a dhiongbhála air.
He met more than his match, casadh fear a mhúinte dó.
I met him in the street, casadh orm, liom, dom, ar an tsráid é.
To meet with sth., s.o., casadh ar dhuine, rud.
He met with difficulties, casadh deacrachtaí ina bhealach.
I missed him, níor éirigh liom casadh leis.
The water moves the millwheel, cuireann an t-uisce an roth muilinn ag casadh.
Parmesan (cheese), cais Pharmach.
An old book that I picked up, seanleabhar a casadh i mo shlí.
To pivot a fleet, cabhlach a chasadh ar maighdeog.