PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
As shall be deemed advisable by us, de réir mar a fheicfear dúinn,
These trees afforded us but little shelter, is beag foscadh a thug na crainn seo dúinn.
An expert alone could advise us, ní thiocfadh le aon duine ach le heolaí comhairle ár leasa a thabhairt dúinn.
Barring accidents, mura mbainfidh taisme dúinn (dóibh, etc.).
We got a buffeting in Galway Bay, tugadh an-tuairteáil dúinn i gCuan na Gaillimhe.
Words calculated to reassure us, caint ar dhóigh di misneach a thabhairt dúinn.
F: What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith?
Balance due to us, an fuílleach atá ag dul dúinn.
Elementary prudence demands that we . . ., más le bheith críonna in aon chor dúinn, caithfimid . . .
The problem that is exercising our minds, an fhadhb atá ag déanamh tinnis dúinn.
He promised us faithfully to come to-morrow, thug sé lámh is focal dúinn go dtiocfadh sé amárach.
We fared alike, dob ionann cor dúinn.
We have got to hurry, ní mór dúinn deifriú.
That was a near go! dóbair dúinn (dóibh, etc.)!
If all goes well with us, faoina bheith slán dúinn; ach sinn a bheith slán.
We had a strange adventure, tharla rud aisteach dúinn.
He was holding forth to us, bhí sé ag ceartú dúinn.
We should take an example nearer home, ba chóir dúinn sampla a bhainfeadh lenar saol féin a thoghadh.
Tell us your honest opinion, inis do bharúil go hionraic dúinn.
We are honoured by your presence, is onóir dúinn tú a bheith i láthair.
The impending danger, an chontúirt i ngar (dúinn, etc.).
The box stood us in lieu of a table, rinne an bosca bord dúinn; bhí an bosca ina bhord againn.
Danger looming ahead, contúirt á tuar dúinn.
If we are marked to die, más é an bás atá daite dúinn; má tá an bás i ndán dúinn.
He drew nearer to us, tháinig sé ní ba deise dúinn; dhruid sé inár gcóngar.
The hour is near, tá an uair i ndeas dúinn (duit, etc.), buailte linn (leat, etc).
She is a near neighbour of ours, comharsa bhéal dorais dúinn í.
Give us ours, tabhair dúinn ár gcuid.
Won't you play for us? nach gcasfaidh tú port dúinn?
Suffering is our portion here below, an fhulaingt atá i ndán dúinn ar an saol seo.
It is more profitable to us to sell it, is tairbhí dúinn a dhíol.
We had a rush to get the job done, b'éigean dúinn deifriú leis an obair a chríochnú.
We cannot see to read, ní léir dúinn na litreacha.
We treat him somewhat as he treated us, tugaimid an riar céanna dó beagnach a thug seisean dúinne.
Give us a song, abair amhrán (dúinn); scaoil chugainn amhrán.
Speaking of . . ., ós ag trácht dúinn ar . . .
As we stepped out in the sunshine, ag gabháil amach faoin ngrian dúinn.
What the future holds in store for us, an rud atá romhainn, i ndán dúinn.
We know of no such, ní heol dúinn a leithéid.
There is food for us and for them, tá bia ann dúinne agus dóibhsean.
He thundered out an order to continue, lig sé búir as ag ordú dúinn leanúint ar aghaidh.
That was touch and go (with us), dóbair dúinn; ní raibh ann ach gur threabhaigh sinn.
F: Give us a tune! cas port, streancán, dúinn.
Unto us a child is born, rugadh leanbh dúinn.
He will give us one, tabharfaidh sé ceann dúinn.
There is food for us and for them, tá bia ann dúinne agus dóibhsean.
We shall lose nothing by waiting, ní caill dúinn an mhoill.
We shall have to watch the expenses, ní mór dúinn a bheith aireach faoin gcostas.
We know that, is eol dúinn é sin.