Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: fear · feara · fearb · fearg · fearn
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for fear »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fear1, s. 1 Eagla f, faitíos m. Deadly fear, eagla anama. Have no fear, ná bíodh aon eagla ort. I am, stand, go, in fear of him, tá eagla orm roimhe. To go in fear of one's life, eagla d'anama a bheith ort. For fear of mistakes, of making a mistake, ar fhaitíos an dearmaid, leisce an dearmaid. For fear we should forget, ar eagla go ndéanfaimis dearmad. F: No fear! beag an baol! 2 Uamhan m (Dé). F: To put the fear of God into s.o., scanradh a anama a chur ar dhuine.
fear2, v.tr. 1 Tá eagla, faitíos, scanradh, orm roimh (dhuine, rud). 2 I fear for him, tá imní orm ina thaobh. I fear it is too late, is eagal liom, is baolach, go bhfuil sé ródhéanach. F: Never (you) fear! don't you fear!, beag an baol! ná bíodh eagla ort! 3 Tá uamhan (Dé) ionam, i mo chroí.
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Away with fear! cuirimis uainn an eagla!
(Of pers.) He blanched with fear, tháinig dath bán air le heagla.
He is in bodily fear, tá eagla a chraicinn air.
Chill of fear, drioganna faitís.
Crazy with fear, líonraithe le faitíos.
He administered justice, without fear or favour, chuir sé an dlí i bhfeidhm gan chamadh gan chlaonadh.
Great fear, dúfhaitíos m.
Fear gripped him, ghlac scéin é; bhuail scanradh é.
There was a growing fear that. . ., bhí eagla na ndaoine go ... ag méadú.
Under the influence of fear, le teann eagla.
He knows no fear, níor chuir a dhath riamh eagla air.
He is in mortal fear of..., tá eagla a bháis air go...
Fear not, ná bíodh eagla ort.
Not that I fear him, ní eagla atá orm roimhe; ní hé go bhfuil eagla orm roimhe.
He was left numbed with fear, fágadh sioctha leis an eagla é.
The fear of God, eagla Dé.
For fear of. . ., le heagla roimh . . .
Their minds were overcast with fear, bhí an eagla ina néal os a gcionn.
F: Paralysed with fear, (duine atá) ina staic le faitíos.
Possessed by fear, faoi eagla.
To quiet s.o.'s fear, an eagla a bhaint de dhuine.
I was ridden by fear, bhí an eagla i ngreim ionam.
F: To rush in where angels fear to tread, dúléim an daill a thabhairt.
Have no fear on that score, ná bíodh eagla ar bith ort ar an séala sin.
He was seized with fear, bhuail eagla é.
Fear sent him out through the streets, ghluais an eagla amach faoi na sráideanna é.
Sickening fear, eagla chráite.
I fear so, sin an eagla atá orm.
He is a stranger to fear, níl a fhios aige cad is eagla ann.
There was that in him which inspired fear, bhí rud éigin, an ní sin, ann a chuirfeadh eagla ort.
He acted through fear, as eagla a rinne sé é.
F: He stood transfixed with fear, d'fhan sé ina staic le scanradh.
F: In fear and trembling, agus eagla d'anama ort.
Fear lent him wings, d'imigh sé i mbarr na bhfáscaí le teann eagla.
Fear winged his flight, ar mhéid a eagla d'imigh sé ar luas na gaoithe.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A man and a woman, fear agus bean.
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
A very able man, fear an-ábalta.
Accession to manhood, teacht m in aois fir.
Man of action, fear gníomhartha.
Man of activity, fear gníomhach.
A man of good address, fear a bhfuil teacht i láthair ann; fear a bhfuil deis a labhartha aige.
They fought man against man, throid siad fear san fhear.
A man of middle age, fear meánaosta.
To be of (full) age, bheith in aois fir (mná).
Coming of age, teacht in aois (fir, mná).
These armies aggregated 300,000 men, bhí trí chéad míle fear ag na hairm seo eatarthu.
The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain.
Twenty men in all, fiche fear, líon a slua.
An all-round man, fear ilbheartach.
Ambulance man, fear sínteáin.
He is one among a thousand, fear as an míle atá ann.
She is angling for a husband, ag iarraidh fear céile atá sí.
She has now another husband, tá fear eile anois aici.
He has a good appearance, tá cosúlacht bhreá fir air.
Man of average abilities, fear a bhfuil intleacht chothrom aige.
Man with a beard, fear féasógach; fear féasóige.
Black-bearded man, fear féasóige duibhe.
She was brought to bed of a boy, rugadh páiste fir di.
Beggar (-man, -woman), fear, bean, déirce; bochtán m.
He began life as a ploughman, fear treafa a bhí ann i dtús a shaoil.
Behold the man, ag seo an fear.
The best dressed man, an fear is cóirithe; an fear is fearr éide.
He is a better man than you, is fearr d'fhear é ná thusa.
A man from beyond the village, fear thar baile amach.
Big man, (i) fear ard; (ii) fear mór, téagrach; (iii) fear sonrach, fear ceannasach.
The black races, na fir ghorma; na treibheanna dubha.
A true blue, fear d'fhíorscoth na bhFian, duine den phór cheart, searrach na dea-lárach.
A straightforward bluff man, fear nach gcuireann fiacail ann.
A gentleman born, fear uasal ó dhúchas.
F: One of the boys, fear m de na cuilcigh, de na hógánaigh.
Man of brains, fear intleachtach, fear éirimiúil.
A broken man, (i) fear creachta; (ii) fear croíbhriste.
F: That man is my bugbear, ní lú orm an donas ná an fear sin.
Man of powerful build, fear a bhfuil téagar maith ann; cliobaire m.
Man of slight build, fear beag éadrom; geitire m.
F: Well-built man, fear daingean, fear déanta.
A poor but honest man, fear bocht ach fear ionraic.
A man of his calibre, fear chomh tréitheach leis, den mhianach sin.
He handled his troops with consummate captainship, ba sárcheannphort é i mbun a chuid fear.
A man of his cast, a mhacasamhail d'fhear; fear dá shórt.
A certain Mr. Walsh, fear de na Breatnaigh.
A chance acquaintance, fear aithne cosáin.
Man of (strong) character, fear diongbháilte.
A man of bad character, fear a bhfuil drochcháil air.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News