PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did not apply his mind to it, níor leag sé a intinn air.
Adm: To assess s.o. at so much, an oiread seo cánach a leagan ar dhuine.
He was giving his attention to the work, bhí sé in éadan na hoibre, bhí a intinn leagtha ar an obair aige.
He turned his attention to sth. else, leag sé a intinn ar rud éigin eile.
F: Put your back into it, leag ort féin, cuir do ghualainn leis.
To bring your mind to bear on sth., d'intinn, d'umhail, a leagan ar rud. S.a. PRESSURE
To blame sth., for an accident, taisme a chur síos do rud, a leagan ar rud.
F: To clap eyes on s.o., súil a leagan ar dhuine.
The whole country has been laid under contribution, tá cáin leagtha ar an tír ar fad.
He is determined to do it, tá sé leagtha amach ar a dhéanamh.
F: I forbid you to lay a finger on him, crosaim ort barr méire a leagan air.
To set foot on an island, dul i dtír, cos a leagan, ar oileán.
I got him first shot, leag mé ar an gcéad urchar é.
To lay hands on sth., lámh a leagan ar rud.
If anyone should lay a hand on you, má leagann aon duine méar ort.
Hands off! ná leag lámh air!
You've hit it, leag tú do mhéar air; tá sé agat.
To impute an action to s.o., gníomh a leagan ar dhuine, gníomh a chur i leith duine.
He is intent on it, tá sé leagtha air, níl ar a intinn ach é.
Keep your hands off, ná leag lámh air; coinnigh do lámh uaidh!
Typ: To mark the lay on a page, an leagan amach a rianadh ar leathanach.
To lay one's hand on s.o.'s shoulder, lámh a leagan ar ghualainn duine.
He made his mark, leag sé a mhéar ar an bpeann.
If this should meet the eye of the priest, má leagann an sagart a shúil air seo.
To give one's mind to sth., d'intinn a leagan ar rud, a chur le rud.
To set one's mind to sth., d'umhail a leagan ar rud.
To turn one's mind to a study, d'intinn a leagan ar staidéar.
He looks a bit of a mug, tá leagan dobhráin air.
Mum's the word! bíodh ina rún! leag cos air!
F: You've hit the nail on the head, leag tú do mhéar air.
I only touched it with my finger, ní dhearna mé ach mo mhéar a leagan air.
He is a perfect stranger to me, níor leag mé súil riamh air.
Touch him at your peril, leag mear air agus beidh daor ort.
To punish s.o.'s cellar, leagan ar shiléar duine.
I must make a push to get it done, caithfidh mé leagan orm féin lena chríochnú.
Put it on the mantelpiece, leag, cuir, ar an matal é.
To put one's lips to the glass, do bhéal a leagan ar an ngloine.
His hand resting on the table, a lámh leagtha ar an mbord aige.
To serve a writ on s.o., to serve s.o. with a writ, eascaire a leagan, a sheirbheáil, ar dhuine.
He set his poverty down to ill health, leag sé a bhochtaineacht ar an drochshláinte.
To put one's finger on the sore place, do mhéar a leagan ar an gcneá.
The supposed culprit, an fear a bhfuil an choir leagtha air.
Parl: To lay a measure on the table, reacht a leagan ar clár.
To touch sth. with one's finger, méar a leagan ar rud.
To touch s.o. on the shoulder, lámh a leagan ar ghualainn duine.
F: To tuck into a cake, leagan ar cháca.
To lay sth. face upwards on the table, rud a leagan béal in airde ar an mbord.
To wire into a meal, abs.to wire in, leagan ar bhéile.