Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: Mór · níor · íor · míor · mír
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It's no great asset, ní áirge mhór ar bith é.
That calls for an explanation, for an apology, ní mór sin a mhíniú; caithfear leithscéal a ghabháil faoi sin.
It calls for attention, ní mór breathnú ina dhiaidh.
The matter demands great care, ní mór a bheith an-aireach sa chás.
He needs an abundant diet, ní mór flúirse bia dó.
That requires some doing, ní furasta é sin a dhéanamh, is mór an obair é sin a dhéanamh.
There the matter dropped, fágadh an scéal mar sin, ní raibh ann níos mó.
It takes fully two hours, ní mór an dá uair a chloig slán chuige.
We have got to hurry, ní mór dúinn deifriú.
A lot of good that will be to you! is beag a bheidh dá bharr sin agat! ní mór a bheir buaite leis sin.
She can hardly read, níl ann ach, ní mó ná, go dtig léi léamh.
I hardly know, ní mó ná go bhfuil a fhios agam.
He could hardly have said it, ní móide go ndúirt sé é.
They were never heard of again, ní bhfuarthas lá tuairisce orthu riamh ní ba mhó.
He holds it lightly, ní mór an cás leis é.
Discretion is imperative, ní mór a bheith discréideach.
It is imperative for us all to . . ., ní mór don uile dhuine againn . . ., caithfidh gach duine againn. . .
It is of no great importance, ní fiú bheith ag caint air, ní mór le rá é.
I must impress upon you that . . ., ní mór dom a chur ina luí ort go . . .
He didn't quite know what to say, ní mó ná go raibh a fhios aige céard a déarfadh sé.
Will you be there to-morrow? Not on your life! an mbeidh tú ansin amárach? Ní bheidh ná baol orm! baol mór orm!
It is not likely that he will come, ní móide dhó teacht; ní cosúil go dtiocfaidh sé.
He is hardly likely to succeed, ní móide go n-éireoidh leis; is ar éigean a éireoidh leis.
Little more than an hour ago, ní mór thar uair a chloig ó shin.
He lives up to his reputation, ní mó a cháil ná a bhuille; is fear mar a thuairisc é.
The story has lost in interest, ní hábhar suime an scéal níos mó.
Ten pounds means a lot to a poor man, is mór an ní deich bpunt ag fear bocht.
I thought you had more sense, shíl mé go raibh ní ba mhó céille ná sin agat.
I cannot give more, ní thig liom níos mó a thabhairt uaim.
I don't think much of it, ní mór mo mheas air.
You must be ready at four o'clock, caithfidh tú, ní mór duit, ní foláir duit, bheith ullamh ar a ceathair a chlog.
You must hurry up, ní mór duit deifir a dhéanamh.
It is necessary for him to return, ní foláir, is éigean, ní mór, dó teacht ar ais; caithfidh sé teacht ar ais.
It necessitates careful consideration, caithfear, ní mór, smaoineamh go maith air.
He has need to hurry, ní mór dó deifir a dhéanamh.
He needs a lot of asking, ní mór a bheith ag tuineadh leis.
They need to be told everything, caitear, ní mór, an uile rud, a insint dóibh.
There needs great courage in order to . . ., ní foláir, ní mór, misneach mór chun...
I do not know neither can I imagine . . ., níl fhios agam ná ní féidir liom a shamhlú, agus ní mó ná sin is féidir liom a shamhlú . . .
There was next to nobody at the meeting, ní mó ná go raibh, is ar éigean a bhí, aon duine ag an gcruinniú.
I do not know, nor can I guess, níl a fhios agam agus ní mó ná sin is féidir liom a thomhas.
Be it said in passing, ach os ag caint air é, ní mór a rá . . .
I have scarcely any left, ní mó ná go bhfuil aon chuid fágtha agam.
He'll scarcely come to-night, ní móide go dtiocfaidh sé anocht.
The manager should always be on the spot, ní mór don bhainisteoir a bheith sa láthair i gcónaí.
That supposes the perfectibility of man, ní mór chuige sin, cuireann sin i gcéill, an duine a bheith infhoirfe; is ionann sin agus a rá, fágann sin, go bhfuil an duine infhoirfe.
I am not very sweet on the suggestion, ní mó ná sásta atáim leis an moladh.
I do not take to the idea, ní mó ná go dtaitníonn an smaoineamh liom.
It is tantamount to a refusal, ní mó ná, is ionann agus, diúltú é.
That wants thinking out, ní mór stuaim a ghlacadh leis sin, staidéar a dhéanamh air sin.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News