PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Of, with, no fixed abode, gan aon áit sheasta chónaithe.
He is of no account, is cuma ann nó as é.
To leave sth. out of account, to take no account of sth., rud a fhágáil as an áireamh.
On no account, ar chuntar ar bith; ar a bhfaca tú riamh.
There is no accounting for tastes, ní lia duine ná barúil; beatha duine a thoil.
I can find no one adequate to the task, níl aon duine agam a thiocfadh aníos leis an tasc.
It admits of no doubt, níl amhras ar bith ann.
No admittance, níl cead dul isteach.
There is no law against it, níl dlí ar bith á thoirmeasc.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
In a tone which allowed of no reply, i nglór nach bhfulaingeodh freagra.
The matter allows of no delay, níl moill ar bith le déanamh sa ghnó seo, ní fheileann aon mhoill don ghnó seo.
He had no alternative, ní raibh an dara rogha aige; ní raibh de rogha aige ach.
I could find no answer to it, ní raibh freagra ar bith agam le tabhairt air.
He got no answer, ní bhfuair sé fáir ná freagra.
I had no art or part in it, ní raibh baint ná páirt agam leis.
It's no great asset, ní áirge mhór ar bith é.
No attempt will be made to . . ., ní dhéanfar iarraidh ar bith ar ...
I paid no attention to the remarks, scaoileas an chaint thar mo chluasa.
It augurs no good, ní dea-chomhartha é.
He has no authority in the matter, níl údarás ar bith sa gcás aige.
Of no avail, gan éifeacht.
To work to no avail, saothar in aisce a dhéanamh.
I have no clothes, I haven't a rag, to my back, níl snáithe agam le cur orm féin.
He has no backbone, níl aon chnámh droma ann.
He could no longer bear it, níorbh fhéidir leis a fhulaingt ní ba shia.
F: He thinks no small beer of himself, ní fágálach ar bith é ina shúile féin.
There is no one to set beside him, níl aon duine atá inchomórtais leis.
You will find no better hotel, ní bhfaighidh tú a bhualadh, a shárú, mar theach aíochta.
He is bad, and she is no better, tá seisean go holc, is ní taise di sin.
No one can come between them, ní féidir le aon duine cur eatarthu, ní féidir iad a dhealú ó chéile.
Post no bills! fógraí toirmiscthe!
Are you tired? No, not a bit! bhfuil tuirse ort? níl ná tuirse!
There is no blinking the fact, níl maith bheith ag iarraidh a cheilt; níl ach amaidí dul ar chúl scéithe leis.
It bodes no good, ní dea-mhana ar bith é; ní thiocfaidh maith ar bith as.
Hard words break no bones, níl cáin sa bhuille nach mbuailtear.
He made no bones about it, ní raibh drogall ar bith air é a dhéanamh; ní raibh gothaí ar bith air á dhéanamh.
His anger knew no bounds, ní raibh ríomh lena chuid feirge.
The bourne from which no traveller returns, an saol nach dtagann éinne ar ais as.
The matter brooks no delay, tá cruóg dhian leis an ngnó.
I have no money by me, níl airgead ar bith faoin láimh agam.
You have no call to do so, níl aon chall duit a leithéid a dhéanamh.
There is no case against you, níl cúis ar bith i d'aghaidh.
It's no great catch, is suarach an éadáil é.
No charge for admission, saorchead isteach.
She is no chicken. tá na géaráin curtha go maith aici.
You have no choice in the matter, níl sé ar do rogha féin.
In no circumstances, ar chúinse, chuntar, ar bith.
No comments, please! ná habairtear dada.
I have no cause of complaint, níl aon údar gearáin, casaoide, agam.