PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
Adjacent fields, páirceanna sínte le chéile.
v.i.The two farms adjoin, tá an dá fheirm ag críochantacht, ag síneadh, le chéile.
The land adjoining mine, an talamh atá sínte le mo chuidse.
It borders the road, tá sé ag síneadh leis an mbóthar.
Art: Cast shadow, scáth sínte.
(Of gardens, etc.) To be contiguous, a bheith ag síneadh le chéile, teorantach le chéile.
Lit: To be couched on the ground, a bheith sínte.
They were craning forward, bhí siad ag síneadh a muineál amach.
Metalw: Drawn tube, feadán m sínte.
The farm extends beyond the river, tá an fheirm ag síneadh thar an abhainn.
He fell full length, síneadh ó sháil go rinn é.
He fell flat on his face, síneadh ar a bhéal é.
To lie flat on the ground, síneadh feadh na talún.
Aut: To go flat out, imeacht sínte.
He lay in his gore, bhí sé sínte ina chosair chró.
To jut (out), gobadh amach, síneadh amach.
To lean on one's elbow, síneadh ar leathuilinn; leathuilinn a bhualadh fút.
I fell all my length (on the ground), síneadh ó lúib ladhair ar an talamh mé.
To lie on the ground, síneadh ar an talamh.
He was lying (helpless) on the ground, bhí sé sínte (faon) ar an talamh.
To lie dead, bheith sínte marbh.
Nau: The coast lies east and west, soir is anoir atá an cósta sínte.
A vast plain lay before us, bhí machaire fairsing sínte romhainn amach.
Long extended line, líne atá sínte go mór.
F: He measured his length on the ground, síneadh ar a fhad ar an talamh é.
The field next to mine, an pháirc atá sínte le mo pháircse.
With arms outstretched, agus an dá láimh sínte amach (aige, etc.
Jutting out over the street, sínte amach os cionn na sráide.
To prostrate oneself before s.o., síneadh béal fút i bhfianaise duine; sléachtadh go talamh roimh dhuine.
(Of breakwater, etc.) To push out into the sea, síneadh, gobadh, amach san fharraige.
Island that ranges along the mainland, oileán atá sínte le tír mór.
The tree reaches out its branches, tá an crann ag síneadh na ngéag amach uaidh.
Reclining on a couch, sínte, ar do shleasluí, ar tholg.
We are remotely related, tá gaol sínte eadrainn, i bhfad amach againn le chéile.
In the long run, sa síneadh fada; i ndeireadh na dála.
The street runs east and west, tá an tsráid ag síneadh soir siar.
Road that runs along the river, bóthar atá sínte leis an abhainn.
He went sprawling, síneadh é ar a fhad agus ar a leithead.
Stretch of the arm, síneadh na láimhe.
Rac: At full stretch, (ag imeacht) sínte, sna featha fásaigh.
Stretched on the ground, sínte ar an talamh.
The valley stretches westward, tá an gleann ag síneadh siar uait.
The plain sweeps (away) towards the north, tá an machaire ag síneadh ó thuaidh.
Drink tells upon one in time, fágann an t-ól a dheasca ar dhuine sa síneadh fada.
His garden touches mine, tá a gharraí sínte le mo gharraíse.
To verge on sth., bheith ag bordáil ar rud, ag síneadh le rud.
Path that verges on the edge of the cliff, cosán atá sínte le bruach na haille.