PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three times a week, trí huaire sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine.
To adjourn sth. to, till, the next day, for a week, rud a chur siar go dtí an chéad lá eile, go ceann seachtaine.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
He knows how many beans make five, tá a fhios aige cé mhéad lá sa tseachtain; níl néal air.
By the end of the week, faoi cheann na seachtaine.
At a charge of five pounds a week, ar chúig phunt sa tseachtain.
F: It will be a week come Tuesday, beidh sé seachtain Dé Máirt seo chugainn.
They were in communication with one another during the week, bhí teachtaireachtaí eatarthu i rith na seachtaine.
This day week, (i) (future) seachtain ó inniu; (ii) (past) seachtain is an lá inniu.
Have you enough (flour) for a week, bhfuil díol seachtaine (de phlúr) agat?
Rent (of lodgings) fifteen shillings a week exclusive, cíos (lóistín) cúig scilling déag sa tseachtain gan cothú.
His engagement finishes this week, tá a thréimhse istigh an tseachtain seo.
I am going to London and I'll stay there for a week, beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine.
He won’t be back for a week, ní bheidh sé ar ais go ceann seachtaine.
Food for a week, lón seachtaine.
He stayed there for another week, d'fhan sé ann go ceann seachtaine eile.
A week's growth on his chin, scrobarnach seachtaine, cluimhreach seachtaine, ar a chorrán.
Holy Week, Seachtain na Páise.
This day last week, seachtain is an lá inniu.
To make three pounds a week, trí phunt sa tseachtain a shaothrú.
Weekly newspaper, páipéar m seachtaine, seachtanán m.
To give s.o. a week's notice, fógra seachtaine a thabhairt do dhuine.
Once a week, uair sa tseachtain.
Before the week is out, roimh dheireadh na seachtaine,
To postpone a matter for a week, rud a chur siar go ceann seachtaine.
For a week preceding this occasion, le seachtain roimh an ócáid seo.
Jur: To put off a case for a week, cúis a chur siar go ceann seachtaine.
He was remanded for a week, cuireadh siar go ceann seachtaine go dtí an athchúirt é.
It is just a week since he came, seachtain go díreach atá ann ó tháinig sé.
A week or so, seachtain nó mar sin.
If he is spared a few weeks longer, má gheallann Dia dhó bheith beo cúpla seachtain eile.
Com: To take so much a week, oiread seo a thabhairt isteach sa tseachtain.
Is that the man whom we saw last week? an é siúd an fear a chonaic muid an tseachtain seo caite?
In three week's time, faoi cheann, i gceann, trí seachtainí.
For weeks at a time, ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile.
Today week, (i) (fut.) seachtain ó inniu; (ii) (past) seachtain is an lá inniu.
Tomorrow week, (i) (past) seachtain is an lá amárach; (ii) (fut.) seachtain ó amárach.
He turns over £500 a week, cuireann sé cúig chéad punt thar a láimh sa tseachtain.
I used to see him once a week, ba ghnách liom a fheiceáil uair sa tseachtain.
I wangled a week's leave, bhain mé seachtain saoire amach.
To give a servant a week's warning, fógra seachtaine a thabhairt do sheirbhíseach.
What day of the week is it? cén lá den tseachtain é?
Twice a week, dhá uair sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine.
A week of Sundays, of weeks, (i) seacht seachtainí; (ii) na cianta.
Once a week, uair sa tseachtain.
Every week, gach seachtain.
Within the week, sula mbeidh an tseachtain caite.
A week from now, this day week, today week, seachtain ó inniu.
A week ago, this day week, today week, seachtain is an lá inniu.
In a week or so, faoi cheann seachtaine nó mar sin.