DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
díol, tuillteanas (is maith an airí air é); duine ar fiú nó ar cóir rud a dhéanamh dó
ar leith (lá áirithe); curtha san áireamh (sin é atá áirithe dó)
tréith ar leith; bealach, dóigh; staid; ord; patrún, scéim; cur síos nó cuntas scríofa ar ábhar éigin
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
duine a dhéanann rud le taitneamh dó agus ní ar airgead, duine gan mórán cleachtaidh ar rud ach ar breá leis a bheith ag gabháil dó
duine nach airí air rud a dhéanamh dó
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
tar éis bailiú a bheith déanta air; bruite, dóite (de rud)
teagmháil le; cur isteach ar; tarlú do (bhain taisme dó)
dó beag ar an taobh amuigh, ruadhó
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
fíor chearnach agus sé aghaidh chearnacha uirthi ar nós dísle; uimhir méadaithe fúithi féin faoi dhó, mar shampla, ciúb an 2 = 2 x 2 x 2 = 8
acht a mbraitheann gníomh áirithe air (tugadh dó é ar choinníoll nach ndíolfadh sé arís é); gealltanas (dá dtugadh sé a choinníoll dom); dílseacht d'fhocal, dúthracht (fear gan choinníoll)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
déanamh, dealramh (i gcruth duine; cur cruth ort féin); bail, staid (bhí sé i gcruth titim); modh, dóigh (i gcruth is go)
cruth, déanamh; dealramh, féachaint (cuma na hoibre; níl cuma ná caoi air); slí, dóigh (ar chuma éigin, ar aon chuma)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
tine mhór mhillteach, dó uafásach (mar a dhéanfaí ar theach nó ar chruach féir)
méadú faoi dhó; filleadh (páipéar a dhúbailt); a dhá oiread, a oiread eile arís (chuir sé dúbailt oibre orm)
i ndiaidh (tar éis a naoi, tar éis imeacht dó); cé, bíodh, go (tar éis gur crosadh air é)
dearadh ar mhiotal, gloine etc., trí línte a dhó iontu le haigéad; pictiúr ó phláta eitseáilte
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
cabhair; faoiseamh; cabhrú le duine nó faoiseamh a thabhairt dó (go bhfortaí Dia ort)
áis nó uirlis (gléas ceoil, gléas tógála); deis, dóigh (gléas beatha); ord, eagar, caoi cheart (rud a chur i ngléas); éadach, feisteas (cuir gléas ort féin); an príomhnóta i bpíosa ceoil
duine a dtugtar airgead, earraí etc., ar iontaoibh dó thar ceann duine eile
eolas, fios (cur in iúl dó é); treo, treoir (bhíomar ar an iúl céanna); aird, aire (d'iúl a bheith ar an obair)
ar leith leis féin (cuir cúpla práta i leataobh dó)
ar leith, leis féin; corr, ait; gar dó féin, mór as féin
ceadú, lamháil (lig dó é a dhéanamh); scaoileadh saor (lig abhaile mé); scaoileadh amach (fuil a ligean); cur ar cíos (teach a ligean); brú nó séideadh amach (anáil a ligean; fead, osna, a ligean); scóip, saoirse, cead corraí (ligean i dtéad, i roth); tógáil, glacadh (do scíth a ligean)
cosúil le (mar an eala ar an linn); i gcáilíocht (lena fáil mar chéile); le haghaidh (mar thús ar an obair); de réir (gach dalta mar a oiltear); ar nós (lá mar seo); ar an dóigh (déan mar is ceart é); tuairim ar (míle nó mar sin); an chaoi (sin mar is fearr é); amhail is (mar a bheadh deifir air); toisc, ar an ábhar (mar go bhfuil cúis leis); san áit (mar a bhfuil siad)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
rud deas a rá nó a deirtear faoi dhuine nó faoi rud (mol an óige, bhí moladh mór acu air); móradh (ag moladh Dé, moladh le Dia); comhairliú (mhol mé dó é a dhéanamh); cur chun tosaigh le haghaidh díospóireachta (rún a mholadh); breithiúnas (fágaim faoi do mholadh féin é); caint nó salm molta (moladh mairbh); aontú (ní raibh sé ach ag moladh leat)
gan spleáchas le daoine eile; in ann gníomhú agus smaoineamh dó féin; gan a bheith ag brath ar dhaoine eile ina shlí bheatha
ponc (a haon pointe a dó); céim; spota, nóiméad (pointe fiuchta; d'imigh sé ar an bpointe); bior, rinn (pointe bioráin, pointe tíre); mír, sonra (argóint pointe ar phointe); aird de chuid an chompáis; scór i gcúrsaí spóirt (báire is dhá phointe)
sroicheadh (gur ráinigh sé béal toinne); tarlú (ráinigh dó a bheith ann; ráiníonn sé go bhfuil deabhadh orm; ráineodh go mbeadh sé déanach); éirí (ráinigh leis an obair a chríochnú in am)
dó ruda nó go mbeidh dath rua air
dó seaca ar bhall den chorp
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
bailiú, cruinniú (airgead a sholáthar); cur ar fáil, seiftiú (ag soláthar dó féin; sholáthair sé leabhair dúinn)
duine amuigh ag siúl dó féin ar a shuaimhneas; cleasaí
teacht chomh fada le (nuair a shroich siad port; tá an dá scór sroichte aige); fáil, gnóthú (shroich sé bean mhaith dó féin); síneadh (má shroichimse chomh fada leat); teacht (níl sroicheadh agam air)
buaic, bior, pointe; gruaig ar mhullach an chinn; maig, leathcheann (chuir sé stuaic air féin ag éisteacht); cuma chrosta; racht feirge (lig dó nó cuirfidh tú stuaic air)
íocaíocht as seirbhís nó as pribhléid ar leith (táille dochtúra; táillí bus, bainc); luach saothair (dá mheadh táille dó as); ráta (táille árachais)
páipéar marcáilte a údaraíonn do dhuine taisteal ar bhus, ar thraein, ar eitleán etc., nó a thugann cead isteach dó go dtí áit siamsa etc.
solas agus teas ó rud atá ag dó; dóiteán (tá an teach trí thine); lasair; splanc; lasadh, gríos (tá tine ar a chraiceann) lámhach (tine airtléire)
pianmhar, gan a bheith ar fónamh (cos thinn, súile tinne); cráite (tá mo chroí tinn dóite); breoite (tá sé tinn sa leaba)