DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
foilsiú nó fógairt don saol mór; cláir a chur amach ar an raidió, craoladh
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)
nochtadh, a dhéanamh follas (rún a fhoilsiú); foilseachán a chur amach
casadh, tiontú (do cheann a iompú); an taobh isteach amach nó an taobh síos suas a thabhairt de rud; cur nó coinneáil uait (fearg a iompú); filleadh (d'iompaigh an slaghdán orm); athrú (d'iompaigh sé bán, ina Chríostaí); camhrú, imeacht géar, searbh (tá an fheoil, an bainne, iompaithe)
ceadú, lamháil (lig dó é a dhéanamh); scaoileadh saor (lig abhaile mé); scaoileadh amach (fuil a ligean); cur ar cíos (teach a ligean); brú nó séideadh amach (anáil a ligean; fead, osna, a ligean); scóip, saoirse, cead corraí (ligean i dtéad, i roth); tógáil, glacadh (do scíth a ligean)
tachtadh (múchta ag teas, ag slaghdán); cur as, cur amach (mhúch sé an tine); cosc (múchfaidh sé sin do thart); cosc anála de cheal aeir (bá is múchadh ort!); suncáil (múchta i bhfiacha); maolú (glór múchta); coinneáil siar (deora a mhúchadh); asma (tá an múchadh ag cur air)
ní, glanadh (meaisín níocháin, teach níocháin); éadaí atá nite nó le ní (an níochán a chur amach)
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
gathanna teasa nó solais a chur amach; scaipeadh amach gach treo ó lárphointe éigin
cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr)
ar aghaidh, os comhair, os coinne (cuir marc roimhe); chun cinn nó níos túisce in am nó i spás (romhat amach, an duine a bhí romham, tiomáin romhat iad; roimh a sé a chlog); i gcomhair (bí romham ag an stáisiún); trasna ar (ná bí ag teacht romham ar gach focal); (le heagla, áthas, olc etc.) (fáilte romhat; bhí eagla air roimpi)
urlacan; uibheacha síl a scaoileadh; brúchtadh, cur thar maoil (abhainn ag sceitheadh); scéal, rún etc., a scaoileadh amach; titim as a chéile (sceith an aill, an balla); scamhadh
análú amach, aer a thiomáint amach as an mbéal; síobadh aeir, gaoithe etc. (séidfidh an oíche fós); líonadh le haer (balún a shéideadh); lasadh agus at (aghaidh shéidte); cur go fras (ag séideadh fola); caitheamh (séid isteach ansin é); ionsaí (shéid siad ar an obair); cur suas, griogadh (ag séideadh fút a bhí sé)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
tathant; gríosú, saighdeadh (an pobal a spreagadh); múscailt (an chuimhne, mianta, a spreagadh); cur suas (spreag an diabhal é); tabhairt amach (ceol a spreagadh, ag spreagadh Béarla)
comharthaí raidió nó teilifíse a chur amach