DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
tréithe canúna; cloí nó luí le canúint ar leith
fána; sceabha (ar claon); luí nádúrtha le beart de chineál áirithe (lean sé dá chlaon); bá (tá claon ag an leanbh leat); antoil (claon chun oilc)
cromadh, lúbadh; dul nó cur ar claon; luí le (claonadh leis an obair); imeacht ó (claonadh ón bhfírinne); casadh (chlaon sé mo chuid cainte)
dul a luí, dul chun suain; an mothú a chailleadh (tá mo chos ina codladh); fonn luí (tá codladh orm)
ísliú síos, dronn a chur ort féin (cromtha le haois); lúbadh anuas (craobh a chromadh); luí isteach ar (chrom sí ar ghol)
córas creidimh; iomarca luí le duine nó le tuairim nó le córas
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
ceart nó buannacht shinsearach; ceart oidhreachta; eastát sinsearach (seilbh a fháil ar do dhúchas); d'áit nó do thír féin (filleadh ar do dhúchas); muintearas, cóngas (ní dár ndúchas iad); oidhreacht, luí nó claonadh nádúrtha (tá an t-éitheach sa dúchas aige); staid nádúrtha nó fiáin, fiántas (madra dúchais); a tháinig ó shinsear (ceart dúchais, teanga dhúchais)
leagan nó luí le cúrsaí impiriúla, nó le himpireacht a leathnú amach
an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine; solas an lae (fanfaimid go lá); an tréimhse ó mheán oíche go meán oíche arís (seacht lá na seachtaine); lá, dáta, áirithe (lá aonaigh, lá pá, an chéad lá den mhí); lá féile (Lá Nollag, Lá Bealtaine); bua an lae (tá an lá leat); ré saoil (bhí sé go maith ina lá); aimsir reatha (sa lá atá inniu ann); tréimhse (is fada an lá ó chonaic mé é); (ón lá seo amach; an lá is fearr a bhí sé); uair, am (lá éigin, lá dá raibh); pioc (níl lá iomrá aige air)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
claonadh, luí, fabhar (tá lé aige liom, bhí lé leat); luí, raon, radharc (faoi lé na gréine, na gaoithe)
luí (luíochán a bheith agat le hól); suí faire nó fionraí
an tréimhse idir luí agus éirí gréine; féile, bigil (Oíche Shamhna)
luí le tinneas nó breoiteacht
dhá rud (leaca, etc.) a shocrú sa chaoi go mbíonn imeall ceann acu ag luí thar an gceann eile, mar thílí ar dhíon, etc.
claon, fiar, luí ar leataobh ón díreach
uirlis ghearrtha faoi lann ghéar mhiotail agus cos aisti; cliathán (luí ar do scian)
duine a bhfuil luí aige le nósanna Shasana; maidrín lathaí
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig sé siar a chluasa; chuaigh sé siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr (tá na ba siar sa bhainne)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
comharthú do dhuine le croitheadh cinn, le corraí méire, le luí súl etc.
ciúnú, lagú anuas (nuair a shocraigh an stoirm); suaimhniú (ag socrú chun suain); luí, lonnú (shocraigh sé síos anseo; lig don bhia socrú ar do ghoile); deasú, a dhéanamh socair (socraigh cosa an bhoird); réiteach, cinneadh (teacht ar shocrú; lá a shocrú); críochnú (shocraigh an buille sin é); deisiú; plean, seift (socruithe sochraide)
druidim le, tarraingt ar; tacú le (thaobhaigh sé leis, lena thuairim); luí isteach le (ag taobhú leis an ól); dul in iontaoibh (thaobhaigh sé a rún léi); tathant, áitiú (thaobhaigh sé liom gan é a dhéanamh)
teacht slán; bisiú, teacht chugat féin; filleadh (téarnamh ó thuras); druidim le (ag téarnamh chun baile, ar am luí); teacht (ar an saol); teacht chun deiridh, bású (ó théarnaigh uainn an buachaill beo)
cineál de shínteán ag é cumhdaithe le suíochán bog chun suí nó luí air