DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
tógáil in airde (ardú ón talamh); cur suas nó chun cinn (ardú céime); dul suas (cnoc a ardú); tógáil (rud a ardú leat)
ábhar le dearg a chur suas; smál dearg
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
cur suas (le), foighneamh (le)
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
buailte suas (le breoiteacht)
gríosú (is tusa a chuir suas leis é); diúltú (cur suas de bhia); glacadh le (is deacair cur suas leis)
triomú suas, draenáil; ídiú; díothú, deireadh a chur le
dul suas rud, go minic, leis na lámha agus leis na cosa (dreapadh aille, dréimire)
ceann de na mílte meall beag a thaistealaíonn sa spás ar luas millteach (Feictear iad mar réaltaí reatha nó mar chaora tintrí toisc go lasann siad suas leis an bhfrithchuimilt nuair a shroicheann siad atmaisféar an domhain)
cuid bhunúsach de rud; substaint ar bith nach féidir a bhriseadh suas ná a dheighilt ina substaintí atá difriúil léi féin (airgead, mearcair, hidrigin); snáth miotail a lasann i mbolgán leictreach
cumas cur suas go calma le rud ar nós pian, moill nó ciotaí eile
gabhlóg, uirlis a bhfuil lámh agus beanna uirthi, a úsáidtear chun bia a phiocadh suas; uirlis cosúil léi, ach í níos mó, a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta, píce
líonadh suas nó amach; pulcadh, líonadh thar fóir; iomlánú; breis mar chúiteamh ar easpa éigin; leathanaigh bhreise a chuirfí amach le nuachtán nó le hiris
pian nó mairg a bheith ort; cur suas le pian le misneach agus le foighne; iompar, foighneamh, cur suas le (duine a fhulaingt; fulaingt a bheith agat ar fhuacht)
banna leaistice le stoca a choinneáil suas
strapaí guaillí le bríste a choinneáil suas
fáscadh suas (le crios etc.)
tógáil nó fáil (ghlac sé mo thoise; bronntanas a ghlacadh; glacadh isteach sa rang iad); a thógáil ort féin (freagracht a ghlacadh; laethanta saoire a ghlacadh); tógáil, aireachtáil (fearg, misneach, a ghlacadh); faomhadh (glacaim le d'fhocal); cur suas le (ní ghlacfainn leis sin uaidh); a theacht ar, gabháil (ghlac dúil sa bhia é)
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
breith nó tabhairt ó áit go háit eile (ualach a iompar; píopa ag iompar uisce); caitheamh, tabhairt leat (brat a iompar; ag iompar seoil, ag iompar clainne); coinneáil suas (ballaí ag iompar dín); fulaingt (crá croí a iompar); coinneáil (tá iompar ar dheoch aige); múineadh, béasa (tú féin a iompar i gcomhluadar)
strapa le rud a iompar ar an droim leis; stráice éadaigh thart ar an ngualainn chun lámh ghortaithe a cheangal suas
maide a d'oibrítí síos suas sa chuigeann le him a dhéanamh; píosa cruinn miotail a shleamhnaíonn síos suas i sorcóir folamh i gcaidéal, in inneall gluaisteáin etc.
clár fada a bhfuil taca faoina lár agus a dtig le beirt pháistí suí ar gach ceann de agus a bheith síos suas leis ar a seal
gléas a phiocann suas fuaimeanna le haghaidh craolacháin
ceann de na míreanna, gan aon lucht leictreachais, a dhéanann suas mar aon le prótóin croí an adaimh
gás gan dath a lasann suas i bhfeadán le sruth leictreach (soilse neoin)
stór ollmhór ina bhfuil earraí leagtha amach do dhaoine le piocadh suas iad féin
péint a chur suas; pictiúr a dhéanamh le péint
sacadh (tú féin a phulcadh le bia); líonadh suas (tá an áit pulctha leo); plód, plódú
teannadh; teannas; teorainn (níl ríochan lena neart); foighneamh, cur suas (tá sé deacair ríochan leo)
tógtha suas le, luite go mór le (bheith sáite i leabhar; sáite sa luaith)
both bhéaloscailte a bhfuil scáth ón aimsir ann; fráma éadrom a thig le duine a chur suas in aice leis mar scáth ón ngaoth
gearradh suas nó sá le scian
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
trína chéile; mór, muinteartha (ag déanamh síos suas liom)
sluaisteáil; cur cré suas le sluasaid
bualadh fút ar shuíochán nó ar an talamh; bheith i seisiún (suí ar choiste; tá an chúirt ina suí); socrú síos (suí ar thalamh duine); éirí (an bhfuil sé ina shuí fós?); fanacht suas (suí le duine tinn); ligean ar cíos (talamh a shuí le duine); suíomh, socrú, bunú (shuigh sé campa ann; shuigh sé cíos orthu); áitiú (shuigh sé go daingean orm é); áit, loc (faire, suí seilge; suí rí); cathaoir, oifig (suí easpaig, an Suí Naofa)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
planda faoi dhuilleoga móra a thriomaítear agus a ghearrtar suas le caitheamh i dtoitíní, i dtodóga agus i bpíopaí
ardú suas (clocha a thógáil); piocadh suas (ag tógáil muiríní); díriú suas (crann báid a thógáil); cur suas (ag tógáil tí); tabhairt suas (ba, éanlaith, a thógáil; tógadh le Gaeilge í); ardú, múscailt (tóg do chroí; raic a thógáil; cé a thóg an cheist?); dreapadh (céimeanna staighre a thógáil); bailiú (cíos a thógáil); piocadh suas (paisinéirí a thógáil; is uaidh a thóg mé an slaghdán, an t-amhrán); glacadh (an méid a thógfadh an bus; thóg sé mar achasán é; lá saoire a thógáil; coiscéim a thógáil); bordáil (traein a thógáil); breith chun siúil (cé a thóg mo leabhar?); sealbhú (tóg do shuíochán); toghadh (Seán an t-ainm a thóg sé); gabháil (an bealach a thóg sé); glacadh mar shampla (tóg Brian anseo); glacadh le (ní thógfainn £10 air); baint as (thóg sé bliain orm); (le dlí) gabháil (thóg Gardaí é); baint, gnóthú (is í Máire a thóg an duais); agairt (ná tóg orm é)
tacú dín; (le héan) fáscadh suas le briogúin le haghaidh cócaireachta; (le muinchillí etc.) filleadh suas