DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dul nó cur ó áit go háit eile, athrú; taisteal; rud a thiontú ó theanga amháin go teanga eile
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
i vásta, millte, ó mhaith (rud a chur amú ar dhuine); ar seachrán ón mbóthar ceart (dul amú)
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
cromadh, lúbadh; dul nó cur ar claon; luí le (claonadh leis an obair); imeacht ó (claonadh ón bhfírinne); casadh (chlaon sé mo chuid cainte)
gardáil, sábháil ó ionsaí, ó bhaol etc. (ag cosaint na tíre; báire a chosaint); dul in airgead (chosain sé fiche punt orm)
duine a théann ar leith leis féin ó dhaoine; duine gan teach gan treibh; truán
ag dul duit nó uait (an rud atá dlite do dhuine)
éan mór a chuaigh ar díothú cúpla céad bliain ó shin (Ar Oileán Mhuiris san Aigéan Indiach a mhair sé)
achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire)
éirí fuar nó a dhéanamh fuar; faoiseamh (ó phian etc.); dul in éag (lig don scéal fuarú; fuarú ceana); caitheamh (ag fuarú na haimsire)
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra)
glór duine (chuala mé do ghuth); fuaim cheoil a théann le hamhrán (tá guth maith aici); fuaim cosúil le glór (guth na cuaiche); barúil a chuirtear in iúl (guth an phobail); cáineadh ó bhéal (ní bhfaighidh tú guth ná náire as); vóta (do ghuth a thabhairt)
i dtreo (i leith na láimhe deise); i bhfabhar (i mo leith nó i m'éadan); thar ceann, ar son (paidir i leith na marbh); i muinín (dul i leith Dé); in aghaidh, i gcoinne (chuir sé bréag i mo leith); anseo, abhus, go dtí seo (tar i leith anseo; ó shin i leith)
dul ar gcúl, dul ó mhaith, meathlú; cur amú, cur i vásta
fánaíocht thart; dul ar teitheadh ó scoil
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
rince spraíúil, nó an ceol a théann leis; tiúin damhsa ar bith; leagan amach (d'athraigh sí a port ó shin)
mearbhall, dearmad (seachmall a chur ar dhuine); seachrán (dul ar seachmall ó rud); iomrall (seachmall radhairc)
go dtí áit níos ísle (dul síos an staighre, síos chun na trá); ar crochadh nó ar sileadh (bhí a gruaig síos léi); ó thuaidh (síos go Cúige Uladh)
ceann de na géaga a théann ó mhol rotha go dtí a chiumhais
dul ó áit go háit, dul ar aistear; turas, triall
ó bhonn, amach is amach (amadán ó thalamh; thug sé dó ó thalamh é); dul chun cinn (gan mórán talaimh a dhéanamh)
rith as láthair, éalú, cúlú go tapa; (teitheadh ó chontúirt; dul ar do theitheadh; teitheadh ó obair)
i dtreo an tuaiscirt (ag dul ó thuaidh, an bóthar ó thuaidh)
ó thaobh amháin to taobh eile (dul trasna na habhann, na sráide); crosta (teacht trasna ar dhuine); leithead (cuir isteach ar a thrasna é; tá sé dhá throigh ar a thrasna)
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)