Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ace · faca · facer · facet · fach
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh face »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
face1, s. 1 Aghaidh f, gnúis f. I can never look him in the face again, ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís. He won't show his face here again, ní bheidh sé de dhánacht ann cos a leagan anseo arís. To bring two parties face to face, dhá dhream a thabhairt i láthair a chéile. He fell on his face, thit sé ar a bhéal. To set one's face against sth., cur i gcoinne ruda. The rain was beating full in our faces, bhí an bháisteach á séideadh cruinn díreach isteach san aghaidh orainn. In the face of danger, i láthair na contúirte. To fly in the face of God, dúshlán m Dé a thabhairt. To fly in the face of the evidence, dul in aghaidh na fianaise. I told him so to his face, dúirt mé lena bhéal é. In the face of all men, (i) gan buíochas d'aon duine; (ii) os comhair an tsaoil. 2 a Dreach m -a, gnúis f. To save his face, chun a oinigh a theasargan. He was making, pulling, faces at me, bhí sé ag cur strainceanna air féin liom. He kept a straight face, choinnigh sé dreach stuama air féin. To put a good, a brave, face on a bad business, dea-dhealramh a chur ar drochghnó. b Dánacht f. He had the face to tell me so, bhí sé de dhánacht ann é a rá liom. 3 Crot m, cuma f, dealramh m (ruda). On the face of things, de réir cosúlachta. His evidence is false on the face of it, is soiléir ón bhfianaise féin go bhfuil sé bréagach. 4 Dromchla m, droim m -a (na talún). 5 Aghaidh f, éadan m (píosa airgid, foirgnimh, aille, balla, etc.).
face2, v.tr. 1 Tugaim aghaidh ar, tugaim ucht ar. The problem that faces us, an fhadhb atá os ár gcomhair. F: To face the music, aghaidh a thabhairt go misniúil ar an anachain. 2 a v.tr. Táim ar aghaidh, os comhair; tá m'aghaidh ar (rud, duine). Window that faces the garden, fuinneog atá ar aghaidh an ghairdín. Facing each other, ar aghaidh a chéile amach. b v.i. The house faces north, tá aghaidh an tí ó thuaidh. Face this way, tabhair d'aghaidh mar seo. 3 Iompaím (cárta) béal in airde. 4 Tchn: a Faced surface, dromchla agus foraghaidh f air. b Cuirim foraghaidh f ar (bhalla). c Coat faced with silk, cóta agus fásáil shíoda air.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air.
Mil: About turn! about face! Iompaigí thart!
Her face was aglow with health, bhí luisne na sláinte ina haghaidh.
A look of blank astonishment came over his face, tháinig leathadh súl air le hiontas.
He turned (his face) away from me, chor sé thart a cheann uaim.
Bathe your face in cold water, cuir uisce fuar ar d'aghaidh.
His face was bathed in tears, bhí na deora go fras leis.
Beautiful face, aghaidh álainn.
The wind bites the face, feannann an ghaoth an t-éadan.
To be black in the face, bheith gorm san aghaidh.
You may talk till you are blue in the face, till all's blue, bheifeá ag caint go dtitfeadh an t-anam asat.
To put a bold face on the matter, dul ina chionn go dána.
Bold-faced type, cló dubh.
F: Brazen (-faced), brasach, dínáireach.
Her face broke out into pimples, tháinig lear goiríní ar a haghaidh.
(Of joy, etc.) To brighten s.o.'s face, aoibh lúcháireach a chur ar aghaidh duine.
v.i.His face brightened up, tháinig aoibh air.
His face is browned by the sun, tá dath na gréine ar a aghaidh.
A face burnt by the sun, aghaidh a bhfuil dath na gréine uirthi.
He buried his face in his hands, chuir sé a dhá bhois ar a aghaidh.
His face was contorted by pain, bhí a éadan as a chuma le pian; bhí strainc air le pian.
His face was convulsed with anger, bhí strainc feirge air.
His face denotes dishonesty, tá an mhímhacántacht le léamh ar a aghaidh.
A double-faced man, Tadhg an dá thaobh.
Face down, béal faoi.
Face downwards, béal faoi.
House facing (the) east, teach agus a aghaidh soir.
To fly in the face of evidence, gan radharc do shúl a chreidiúint.
To face it out, an fód a sheasamh le teann dánachta.
To look facts in the face, aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne.
His face fell, tháinig dreach díomách air.
He fell flat on his face, síneadh ar a bhéal é.
A smile flitted across his face, d'éalaigh fáthadh an gháire thar a bhéal.
His face flushed, he flushed up, dhearg sé.
Face flushed with drink, aghaidh chíríneach ag an ól.
Full face, (i) aghaidh ramhar; (ii) (of portrait, etc.) aghaidh lán.
He hit him full in the face, bhuail sé lom lán idir an dá shúil é.
Age has furrowed his face, tá a aghaidh treafa ag an aois.
Her face glowed with joy, bhí gríosghrua le gliondar uirthi.
F: Her face was glued to the window, bhí a haghaidh táite leis an bhfuinneog aici, greamaithe den fhuinneog aici.
He went black in the face, dhubhaigh agus ghormaigh air.
Hairless face, aghaidh lom.
Hatchet-faced person, duine aghaidhchaol srónghéar; duine aghaidhrinneach.
To hide one's face, d'aghaidh a fholú.
Face that indicates energy, aghaidh ar a bhfuil an fuinneamh le haithint.
Good humour irradiated his face, bhí loinnir ina aghaidh leis an aoibh a bhí air.
To face it, aghaidh a thabhairt air; an fód a sheasamh.
F: To land s.o. a blow in the face, buille san aghaidh a bhualadh ar dhuine.
I soon made him laugh on the wrong side of his face, on the wrong side of his mouth, ba ghearr an mhoill orm an magadh a chur ina dháiríre air.
He laughed on the wrong side of his face, ba é gáire Sheáin dóite aige é.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht