Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: mán · an · ma · mac · mag
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh man »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
man1, s. 1 a (Human being) Duine m. Entertainment for man and beast, aíocht do dhuine is do bheithíoch. Every man, gach duine m, gach aon duine m. Any man, aon duine, duine ar bith. No man, duine ar bith, aon duine (with neg.). Some men say . . ., tá daoine ann a deir ... No man's land, (i) talamh m aineoil; (ii) Mil: talamh m eadrána. Men say that..., deirtear go ... b (Mankind) Duine. Man proposes, God disposes, is tú a dúirt is ní Dia. c Theol: The old man and the new man, an t-ainfhíréan agus an fíréan. F: & Hum: To satisfy the inner man, tart agus ocras a chosc. 2 (Adult male) Fear m. a Men and women, fir agus mná. May I speak to you as man to man, ar mhiste leat go labhróinn leat ó chroí amach. They were killed to a man, maraíodh gach uile fhear riamh acu. He showed himself a man, chruthaigh sé ina fhear (maith). To bear sth. like a man, cur suas le rud mar a dhéanfadh fear. He is not the man to (refuse, etc.), ní eisean an fear a (d'eiteodh, etc.). I'm your man, (i) mise an fear agat; (ii) tá mé sásta leis sin, oireann sin domsa. He is his own man, tá sé ina mháistir air féin; níl de mháistir air ach é féin. A man's man, fear diongbháilte. F: Come here my little man, tar anseo, a mhic ó. What are you doing there, my (good) man? cad tá tú a dhéanamh ansin, a dhuine chóir? Good man! maith an fear! togha fir! Good bye, old man, slán leat, a mhac, a dheartháir! b (Often not translated) Seanóir m. The dead man, an marbh m. A blind man, dall m, The man Kelly, an fear sin de Cheallach. c The men of Leinster, muintir Laighean, na Laighnigh. Sch: He is a Trinity man, (i) mac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide é; (ii) i gColáiste na Tríonóide a bhí sé. d Attrib.Man cook, cócaire m fir. e Oyster-man, fear oisrí. 3 a Her man, a fear. b Man and wife, fear agus bean, lánúin f. c P: My young man, mo bhuachaill m; mo stócach m. 4 a Hist: (Vassal) Giallaí m. b Searbhónta m, giolla m. c Adm: Com: Fear oibre, oibrí m. d Ind: The masters and the men, na máistrí agus na hoibrithe. e Mil: Nau: (Usu. pl.) Fear. Officers and men, na hoifigigh agus na fir. f Sp: Imreoir m. 5 (At chess, draughts) Fear.
man2, v.tr. Cuirim foireann ar. a To man a fort, dún a chur faoi chosaint. b Nau: To man a boat, foireann a chur ar bhád. Fully manned boat, bád faoi lán foirne. Nau: To man the ropes, dul ar na téada. To man the yards, dul sna giordáin.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A man and a woman, fear agus bean.
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
A very able man, fear an-ábalta.
Accommodation for man and beast, iostas (anseo) duit féin agus do do chapall.
He acted the part of an honest man, rinne sé go hionraic é.
Man of action, fear gníomhartha.
Man of activity, fear gníomhach.
He is a man of pleasing address, duine aoibhiúil, suáilceach, é.
A man of good address, fear a bhfuil teacht i láthair ann; fear a bhfuil deis a labhartha aige.
They fought man against man, throid siad fear san fhear.
A man of middle age, fear meánaosta.
An aged man, seanfhear m.
These armies aggregated 300,000 men, bhí trí chéad míle fear ag na hairm seo eatarthu.
Men and women alike, idir fhear is bhean.
The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain.
He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis.
F: Man alive! a dhuine chléibh, a dhuine chroí.
Man alive! is it you? an féidir gur tú atá ann?
All men, an uile dhuine.
Twenty men in all, fiche fear, líon a slua.
An all-round man, fear ilbheartach.
Ambulance man, fear sínteáin.
Poet. & Hum: An ancient man, seanduine m.
There is not such another man, níl an dara duine dá chineál ar an saol.
He knows English if any man does, tá Béarla aige má tá sé ag aon fhear beo.
As good as any man, chomh maith le aon fhear beo, aon fhear cruthaithe.
He is a man easy of approach, is furasta dul chun cainte leis, dul ina láthair.
He will keep silent, as I am an honest man, ní labhróidh sé aon fhocal, rachaidh mise i mbannaí.
As a boy and as a man, ina ghasúr agus ina fhear.
Man of average abilities, fear a bhfuil intleacht chothrom aige.
(Wicked) Bad man, drochfhear m, anduine m.
Man with a beard, fear féasógach; fear féasóige.
Black-bearded man, fear féasóige duibhe.
Beggar (-man, -woman), fear, bean, déirce; bochtán m.
Behold the man, ag seo an fear.
His conversation bespeaks a man of intelligence, d'aithneofá ar a chomhrá gur duine meabhrach é.
The best of men, togha, rogha, scoth, na bhfear.
Best man (at wedding), vaidhtéaraí m, finné m fir.
Who was his best man? cé sheas leis?
The best dressed man, an fear is cóirithe; an fear is fearr éide.
He is a better man than you, is fearr d'fhear é ná thusa.
A man from beyond the village, fear thar baile amach.
Big man, (i) fear ard; (ii) fear mór, téagrach; (iii) fear sonrach, fear ceannasach.
In a blind man's holiday, idir dall agus dorchadas.
A straightforward bluff man, fear nach gcuireann fiacail ann.
Bother the man! chuig an diabhal leis!
Man of brains, fear intleachtach, fear éirimiúil.
Brisk old man, seanduine bagánta.
A broken man, (i) fear creachta; (ii) fear croíbhriste.
F: That man is my bugbear, ní lú orm an donas ná an fear sin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht