Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: braise · fraise · railse · rainse · rais
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é raise de: rais »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh raise »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
raise, v.tr. 1 a (Erect) Cuirim (dréimire, crann seoil) ina sheasamh; tógaim (duine atá ar lár). To raise the standard of revolt, bratach na ceannairce a chur le crann. b To raise s.o. from the dead, duine a thógáil ó mhairbh. c To raise game, géim a dhúiseacht. To raise the people, na daoine a ghríosú(against, in aghaidh). 2 Tógaim (caisleán, leacht). 3 Tógaim (clann, beithígh); cothaím (beithígh); saothraím (glasraí, etc.). 4 a To raise a bump, cnap a thógáil. To raise steam, gal a dhéanamh. It raised a storm of laughter, chuir sé an saol ag gáire. S.a. WIND1 1. To raise a smile, gáire a bhaint amach. To raise a hope, dóchas a mhúscailt. b To raise a cry, béic a ligean. No one raised his voice, níor labhraíodh focal, c To raise an objection, agóid a chur sa scéal. To raise a question, ceist a tharraingt anuas. 5 (Elevate) a Tógaim, ardaím (lámh, etc.). To raise one's glass to one's lips, do ghloine a chur le do bhéal. To raise a ship, soitheach a chur sa snámh arís. S.a. DUST1 1, HAT. b To raise s.o. to power, duine a chur i réim. To raise (up) s.o. from poverty, duine a thógáil, a ardú, as an mbochtaineacht. To raise s.o.'s hopes, dóchas a thabhairt do dhuine. To raise s.o.'s spirits, misneach a chur i nduine. 6 a Crochaim, ardaím (dallóg, fuinneog). b To raise camp, an campa a scor. c To raise one's voice, do ghlór a ardú. d To raise the price of flour, an plúr a thógáil, a ardú. To raise s.o.'s salary, tuarastal duine a mhéadú. 7 a To raise an army, arm a thógáil. b To raise money, airgead a sholáthar. To raise funds by subscription, airgead a chruinniú ina shíntiúis. To raise money on an estate, iasacht airgid a fháil ar eastát. c (Of the State) To raise a loan, iasacht a chruinniú, a bhailiú. 8 To raise a spirit, sprid a mhúscailt. S.a. CAIN. 9 Nau: To raise the land, teacht ar amharc na talún. 10 To raise a siege, (i) scor den léigear; (ii) léigear a bhriseadh.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He raised the alarm, thug sé an t-aláram uaidh.
(At bridge) To raise the bid, glao níos airde a dhéanamh.
To raise the blockade, an t-imshuí a thógáil.
He'll raise Cain, tógfaidh sé callán millteanach; beidh sé ag cur na ndiabhal den Chruach.
To raise the devil in s.o., na hainmhianta a mhúscailt i nduine.
To raise, make, difficulties, constaicí a chur sa bhealach.
To raise the dust, deannach a chur san aer.
To kick up a dust, to raise a dust, clampar a tharraingt.
He gathered all his strength to raise the stone, chuir sé a neart ar fad leis an gcloch á tógáil.
To raise a ghost, sprid a thoghairm, a ghlaoch (ó mhairbh).
Here stock-raising goes hand in hand with agriculture, bíonn tógáil beithíoch agus an churadóireacht ar siúl in éineacht anseo.
To raise your hat to s.o., do lámh a chur i do hata do dhuine.
To raise iron to a red, a white, heat, goradh dearg, goradh geal, a thabhairt d'iarann.
To raise hell, raic an diabhail a tharraingt.
To raise a hue and cry against s.o., an tóir a chur i ndiaidh duine.
To raise a laugh, gáire a bhaint as an gcuideachta.
Fin: To raise a loan, iasacht a sholáthar, a thobhach.
To raise the moral standard of the people, feabhas a chur ar bhéasa an phobail.
To raise a mortgage, morgáiste a tharraingt.
Cloth with raised nap, éadach mosach, cóirithe, gibíneach.
To raise an objection, agóid a chur sa scéal.
The objection was raised that. . ., cuireadh ina choinne go . . .
They raised an outcry against him, thógadar gáir ina choinne.
To raise up enemies, naimhde a dhéanamh duit féin.
Raised deck, léibheann m crochta.
Raised voice, guth ard.
Cu: Raised pie, pióg bhorrtha.
To create, raise, a scare, scanrú a thógáil.
Self-raising flour, plúr m éiritheach.
Raise it slightly, ardaigh beagán é.
To raise a spirit, taise f, sprid f, a mhúscailt.
To raise steam, gal a thógáil.
P: To raise a stink, racán m a thógáil.
She raised her hand as though to strike him, thóg sí a lámh mar a bheadh sí ag brath ar a bhualadh.
To raise troops, arm a thógáil.
To raise one's voice, do ghuth a ardú.
P: To raise the wind, an cam a chur ar an tine; teacht ar iasacht airgid.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht