ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The scene of action is in Dublin, i mBaile Átha Cliath atá suíomh an scéil.
F: (Of pers.) He cast, came to, anchor in Dublin, bhain sé faoi i mBaile Átha Cliath.
We are approaching Dublin, táimid ag tarraingt isteach ar Bhaile Átha Cliath.
Delightful as Dublin is, aoibhinn agus mar atá Baile Átha Cliath.
To Dublin and back, go Baile Átha Cliath agus ar ais.
W.Tel: Dublin calling! Baile Átha Cliath anseo!
F: To touch the right chord, an t-áth a fháil ar dhuine; lag a bhaint (as duine).
Lit: The ship was destined for Dublin, go Baile Átha Cliath a bhí an long ag dul.
When Drogheda fell, nuair a gabhadh Droichead Átha.
When I first came to Dublin, ar theacht go Baile Átha Cliath dhom den chéad uair.
To fly over Dublin, eitilt os cionn Bhaile Átha Cliath.
I paid a flying visit to Dublin, thugas cuairt reatha ar Bhaile Átha Cliath.
The trains for Dublin, na traenacha go Baile Átha Cliath.
Train for Dublin, traein Bhaile Átha Cliath.
The river is fordable at that point, tá áth ar an abhainn ansin.
Fork right for Dublin, ag an ngabhal lean ar do dheis go Baile Átha Cliath.
Fresh from Dublin, díreach tar éis teacht ó Bhaile Átha Cliath.
From Dublin to Galway, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh.
In Dublin, i mBaile Átha Cliath.
I have lived in Dublin-Indeed? bhí mé seal in mo chónaí i mBaile Átha Cliath -- Maise an abair tú sin liom?
The road that joins Dublin to Dundalk, an bóthar as Baile Átha Cliath go Dún Dealgan.
To touch the right key, an áth a fháil sa duine.
He knows a lot of people in Dublin, tá aithne mhór i mBaile Átha Cliath aige.
The leading architect in Dublin, an t-ailtire is mó clú i mBaile Átha Cliath.
Marching on Dublin, ag máirseáil ar, i dtreo, Bhaile Átha Cliath.
A book on Dublin, leabhar faoi Bhaile Átha Cliath.
He searched Dublin over, chuardaigh sé gach cearn de Bhaile Átha Cliath.
I will pick you up at Drogheda, tógfaidh mé i nDroichead Átha thú.
F: Am I right for Dublin? an dtabharfaidh an traein seo go Baile Átha Cliath mé?
The prices ruling in Dublin, na praghsanna atá i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.
A train is run between Belfast and Dublin, tá traein ag gabháil as Béal Feirste go Baile Átha Cliath.
To get on the soft side of s.o., teacht ó thaobh na gaoithe ar dhuine, áth a fháil ar dhuine.
To stay in Dublin for a time, fanacht tamall i mBaile Átha Cliath.
To go up to town, up to Dublin, dul isteach go dtí an baile mór, suas go Baile Átha Cliath, suas chun na cathrach.
Up in Dublin, (thuas) i mBaile Átha Cliath.
To wade through a ford, áth a shiúl.