Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ragobair · abair · agair · gobaire · obair
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come into action, dul ag obair.
He was an active party to it, he took an active part in it, bhí lámh bheo san obair aige.
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
He is a great admirer of your work, tá meas mór aige ar do chuid oibre.
The work is advancing, tá an obair ag dul chun tosaigh.
He was working like anything, bhí sé ag obair faoi mar a bheadh Dia á rá leis.
To be at work, bheith ag obair, i gceann oibre.
He is greatly attached to his work, tá an-luí aige lena chuid oibre.
He was giving his attention to the work, bhí sé in éadan na hoibre, bhí a intinn leagtha ar an obair aige.
He has broken the back of the work, tá poll mór curtha san obair aige.
(Emphatic) Why are you not working? I am working, cén fáth nach bhfuil tú ag obair? Nach bhfuilim ag obair!
He is working like blazes, tá sé ag obair mar a bheadh an diabhal ann, ar a bhionda.
I am bored with the work, tá ciapóga orm ag an obair, tá mé bréan den obair.
To bring sth. into action, into play, rud a chur ag obair. S.a. FASHION1
v.i.To bustle (about), imeacht (ag obair, etc.) faoi fhorrú, godriopásach.
He is represented by counsel, tá cunsailéir ag obair dó.
He works by the day, tá sé ag obair ar a phá lae.
F: We began to see daylight through that piece of work, (i) bhí an clabhsúr ag druidim linn ar an obair sin; (ii) bhí muid ag tosú ag fáil faonoscailte ar an obair sin.
He dearly loves his work, tá an-luí aige lena chuid oibre.
Why don't you work? I do work, cén fáth nach mbíonn tú ag obair? -- Nach mbím ag obair!
v.tr.He was driving away at his work, bhí sé ag obair leis.
To employ oneself (in doing sth.), a bheith ag gabháil d'obair éigin.
To keep s.o. well employed, duine a choimeád ar siúl, ag obair.
I am engaged in the same work, táim ag gabháil don obair chéanna.
He has a great faculty for that work, tá bua mór chun na hoibre sin aige.
Our method is as follows, ag seo mar leanas ár modh oibre.
Where have you got to with the work? cé mhéad den obair atá déanta agat?
The work is going forward, tá an obair ag dul chun cinn.
That's the goods! sin í an obair ar fónamh! anois atá tú ag caint! mo ghraidhn (do bhaile)!
I have a lot of work on hand, tá go leor oibre idir lámha agam; tá go leor ar m'aire.
I have a piece of work in hand, tá obair idir lámha agam.
They are hand in glove with one another, tá siad ag obair as lámha a chéile.
He is hard at work, tá sé ar a dhícheall ag obair.
If you have finished your work, you may go out, má tá do chuid oibre críochnaithe agat, féadfaidh tú dul amach.
He has his heart in his work, tá a chroí is a anam san obair aige.
I don't like this work, if indeed, I ever did, níl spéis ar bith san obair seo agam, má bhí riamh féin.
To bring every influence to bear, gach uile chumhacht a chur ag obair.
He is acting in his own interest, ar mhaithe leis féin atá sé ag obair.
It interferes with my work, tá sé ag cur isteach ar mo chuid oibre.
I had quite a job to get there, bhí obair agam an bealach a dhéanamh.
I worked at it in my leisure moments, bhínn ag gabháil dó nuair bhíodh ionú ón obair agam.
He lost interest in his work, níor fhan aon suim aige ina chuid oibre.
He was working like mad, bhí sé ag obair mar a bheadh tine ar a chraiceann; bhí sé ag obair ar nós an diabhail.
F: He is on the make, ag obair dó féin atá sé; ag iarraidh dul ar an mbreis atá sé.
F: I was in the midst of reading, bhí mé ar obair ag léitheoireacht.
Toiling and moiling, ag obair agus ag luainn.
Working by moonlight, ag obair le solas na gealaí.
Do you need to work? an mbíonn ort a bheith ag obair?
I was new to that kind of work, bhí an cineál sin oibre ainchleachta agam; ní raibh taithí ar an saghas sin oibre agam.
Nobody is more expert than he, níl a shárú le fáil ag an obair sin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht