ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I know a Doctor Walsh, tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach.
The accepted custom, an nós a nglactar leis, an nós aitheanta.
I am acquainted with, tá aithne agam ar (dhuine); tá eolas agam ar (áit, bhealach, etc.).
To become acquainted with a person, aithne a chur ar dhuine.
To make s.o.'s acquaintance, aithne a chur ar dhuine.
To make acquaintances, aithne a fháil ar dhaoine.
Wide acquaintanceship, aithne mhór.
It is admittedly incorrect, aithnítear go bhfuil sé mícheart.
Do you know him at all? an bhfuil aon aithne agat air?
It is difficult to tell them apart, is deacair aithint eatarthu, iad a aithint ó chéile.
I knew him away back in 1900, bhí aithne agam air chomh fada siar le 1900.
I have known him from a baby, tá aithne agam air ó bhí sé sa chliabhán.
I barely know him, ar éigean atá aithne ar bith agam air.
He became known, fuarthas aithne air.
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
I have known him from a boy, tá aithne agam air, (i) ó bhí sé óg; (ii) ó bhí mé óg.
To bring out a young girl, cailín óg a chur in aithne don phobal.
I brought them together, chuir mé in aithne dá chéile iad.
I know him by sight, tá aithne shúl agam air.
A chance acquaintance, fear aithne cosáin.
When she came to know him, nuair a chuir sí aithne cheart air.
Confusion of sth. with sth., iomrall m aithne.
To be conscious of sth., rud a aireachtáil, a aithint.
He is conscious, tá mothú, meabhair, aithne, ann.
He became conscious, tháinig mothú, meabhair, aithne, ann.
He lost consciousness, chaill sé an mothú, an aithne.
The dictates of conscience, aitheanta an choinsiasa.
To discern good from bad, an mhaith a aithint thar an olc.
He was dead drunk, ní raibh féith ná comhaireamh aige, ní raibh aithne a bheart aige.
That is easy to see, is furasta é sin a aithint.
To enjoin (on) s.o. not to do sth., aithne a chur ar dhuine gan rud a dhéanamh.
He was in possession of all his faculties, bhí aithne a rian is a bheart aige.
Birds of a feather flock together, aithníonn ciaróg ciaróg eile.
To know sth. by the feel of it, rud a aithint ar a mhothú.
I find that I was mistaken, aithním go raibh dearmad orm.
I find it does not pay, is é m'aithne air nach mbíonn aon rath air.
He is beginning to feel his feet, tá sé ag fáil aithne air féin.
I had known him for years, bhí aithne agam air leis na blianta roimhe sin,
Forbidden fruit, úll na haithne.
A friend in need is a friend indeed, aithnítear cara i gcruatan, cara na cruóige; in am na cruóige a bhraitear an chabhair.
He cannot distinguish the good from the bad, ní aithníonn sé idir an mhaith agus an t-olc.
To pick s.o. out from the crowd, duine a aithint sa slua, thar an gcuid eile.
I know him from seeing him in the street, tá aithne agam air de bharr é a fheiceáil sa tsráid.
The forbidden fruit, úll na haithne.
To know s.o. by his gait, duine a aithint ar a shiúl.
He gave me the go-by yesterday, d'imigh sé tharam inné i leith agus nár aithin sé mé; thug sé an cor gearr dom inné.
I recognised his handwriting, d'aithin mé lorg a láimhe.
Without a hint of surprise, gan aithne iontais (air, etc).
To identify s.o., duine a aithint, a shainaithint.
Mistaken identity, iomrall m aithne.