Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: rís · airis · ais · Aries · arise
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is about again, tá sé ar a bhoinn arís.
This notion is afloat again, tá an smaoineamh seo ag tógáil a chinn arís.
Time after time, I said it to him, dúirt mé leis é arís agus arís eile.
Here we are again! ar ais arís!
Never again, go brách arís.
Again and again, time and again, arís agus arís eile.
Now and again, ever and again, anois is arís; ó am go ham.
To come again, teacht ar ais arís.
To begin anew, tosú arís.
(Just) as we did last year, so we must do now, an rud a rinneamar anuraidh, is é a chaithfimid a dhéanamh anois arís.
She's at it again (i.e., crying, etc.), tá sí ar obair arís.
They are at me again, tá siad ag gabháil dom arís.
He recovered his balance, chuir sé é féin ar mheá chothrom arís.
He was never to see them again, ní raibh sé i ndán dó a bhfeiceáil arís.
It will not be long before we see him again, ní fada go bhfeicimid arís é.
Better still, agus rud is fearr ná sin arís.
(Of swimmer) He found bottom again, fuair sé áit a bhonn arís.
To call again, teacht arís (chuig an teach).
I shall call back for it, tiocfaidh mé ina choinne arís.
You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís!
That restored the circulation in his legs, chuir sin an fhuil ag rith ina chosa arís.
I am once more in collar, tá mé srathraithe arís.
It came to the surface again, nocht sé aníos arís; tháinig sé go huachtar aríst.
It's all coming back to me, tá sé ag teacht ar ais chun mo chuimhne arís.
He regained consciousness, tháinig sé chuige féin arís; tháinig mothú, aithne, meabhair, ann arís.
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
It will be a long day before I go there again, is fada arís go rachad ann.
He was destined never to see her again, ní raibh sé i ndán dó í a fheiceáil go brách arís.
I won't do it again, ní dhéanfad arís é.
A hair of the dog that bit you, leigheas na póite é a ól arís.
(Of mutineer, etc.) He returned to duty, chuaigh sé i mbun a dhualgais arís.
To recover one's equanimity, bheith sochma arís.
Ever and anon, ever and again, anois agus arís; ó uair go chéile.
He will not come back for evermore, ní fhillfhidh sé arís choíche.
I can never look him in the face again, ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís.
He won't show his face here again, ní bheidh sé de dhánacht ann cos a leagan anseo arís.
He is restored, returned, to favour, tá sé i mala an tsnátha ghil arís, tá fabhar arís aige.
He rose to his feet (again), d'éirigh sé ar a bhoinn arís.
He is on his feet again, tá sé ar a chois arís.
(Of invalid) To get about again, bheith ar na boinn arís, ag úlóid thart arís.
When I get back my strength, nuair a thiocfas neart arís ionam.
He went to help her, but she got up again, bhí sé chun cabhraithe léi ach d'éirigh sí arís.
There you go again! ar do sheanléim arís duit! an seanphort céanna arís agat!
He is going about again, tá sé ar a chois arís.
To go back on a subject, dul i gceann ábhair arís.
To go back to turf, dul i muinín na móna arís.
How good it is to see the sun again, nach aoibhinn an rud é an ghrian a fheiceáil arís.
He will never do any more good, ní dhéanfaidh sé lá maitheasa arís lena shaol.
F: I guarantee that he won't do it again, mise mar cheap leis, mise faoi dhuit, nach ndéanfaidh sé arís é.
It is bigger by half, tá a leath arís ann.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht