Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: raghaidh · aghaidh · ceartaghaidh · riaghadh · adamhaigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
Advancing in studies, ag dul ar aghaidh sa léann.
The adverse page, an leathanach ar a aghaidh.
To go ahead, dul ar aghaidh, dul chun tosaigh.
(You) go on ahead (of us), ar aghaidh leat romhainn.
He is going ahead, tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh.
Go ahead! (i) ar aghaidh leat! (ii) oibrigh leat!
To move along, dul ar aghaidh.
We will now turn our attention to . . ., tabharfaimid ár n-aghaidh anois ar ...
She was the chief attraction, is uirthi a bhí aghaidh na ndaoine.
He went at it bald-headed, thug sé faoi ceann ar aghaidh.
Bathe your face in cold water, cuir uisce fuar ar d'aghaidh.
He bawled out at me, thug sé aghaidh a chraois orm.
To beard s.o., aghaidh dhána a thabhairt ar dhuine.
To stand before s.o., seasamh ar aghaidh duine.
(Direct) To bend one's steps towards a place, aghaidh do chos a thabhairt ar áit.
He blazed out at me, thug sé aghaidh a chraois orm.
To advance by leaps and bounds, dul ar aghaidh go han-sciobtha.
Her face broke out into pimples, tháinig lear goiríní ar a haghaidh.
(Of joy, etc.) To brighten s.o.'s face, aoibh lúcháireach a chur ar aghaidh duine.
His face is browned by the sun, tá dath na gréine ar a aghaidh.
A face burnt by the sun, aghaidh a bhfuil dath na gréine uirthi.
He buried his face in his hands, chuir sé a dhá bhois ar a aghaidh.
When she took her call, nuair a tháinig sí amach ar aghaidh an chuirtín.
Book-k: To carry an item forward, iontráil a thabhairt ar aghaidh.
St.Exch: To carry over stock, stoc a thabhairt ar aghaidh.
There is no case against you, níl cúis ar bith i d'aghaidh.
Come on! (i) seo chuige! ar aghaidh linn! (ii) siúl uait, fág seo! téanam ort! (iii) P: (as a challenge) bí aige! féach leis!
He composed his features, thug sé cosúlacht an tsuaimhnis ar a aghaidh.
To confront s.o., seasamh ar aghaidh duine amach, i láthair duine.
To confront the enemy, a danger, aghaidh a thabhairt ar an namhaid, ar chontúirt.
Conscientious objector (to sth.), fear a sheasann ar a choinsias (in aghaidh ruda),
He made himself conspicuous, tharraing sé aghaidh na ndaoine air féin.
His face denotes dishonesty, tá an mhímhacántacht le léamh ar a aghaidh.
Mil: To detail s.o. for a duty, dualgas a chur ar dhuine, duine a cheapadh le haghaidh dualgais.
He lives directly opposite to the church, tá sé ina chónaí díreach ar aghaidh an tséipéil amach.
To disincline s.o. to sth., to do sth., duine a chlaonadh in aghaidh ruda, leisce a chur ar dhuine rud a dhéanamh.
(Of ship) To dive into it, déanamh ceann ar aghaidh, léim ceann ar aghaidh.
Before my eyes, ar m'aghaidh amach, os comhair mo shúl.
The rain was beating full in our faces, bhí an bháisteach á séideadh cruinn díreach isteach san aghaidh orainn.
F: To face the music, aghaidh a thabhairt go misniúil ar an anachain.
Window that faces the garden, fuinneog atá ar aghaidh an ghairdín.
Facing each other, ar aghaidh a chéile amach.
To look facts in the face, aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne.
Farther on, níos sia ar aghaidh.
To be steady under fire, an fód a sheasamh ar aghaidh na bpiléar.
F: Fire away, ar aghaidh leat.
Forward motion, gluaiseacht ar aghaidh.
To go straight forward, imeacht cruinn díreach ar aghaidh.
Forward! ar aghaidh!
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht