ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: During aeons upon aeons, ar feadh na mílte míle bliain.
He was ill for years after, bhí sé breoite ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
All the way, ar feadh an bhealaigh.
For all I know, ar feadh a bhfuil a fhios agam; go bhfios dom.
For miles and miles, ar feadh na mílte agus na mílte.
For aught I know, ar feadh a bhfuil a fhios agam.
Not that I am aware of, níl (etc.), ar feadh a bhfuil a fhios agam.
To the best of my belief, ar feadh mo thuairime; chomh fada le mo bharúil.
To the best of my knowledge, recollection, ar feadh m'eolais, mo chuimhne.
The road is lined with trees for two miles, tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí.
I am going to London and I'll stay there for a week, beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine.
He was away for a fortnight, bhí sé as baile ar feadh coicíse; bhí sé coicís as baile.
In my opinion, de réir, ar feadh, mo bharúla.
As far as I know, for all I know, ar feadh m'eolais, go bhfios dom.
To my knowledge, to the best of my knowledge, as far as my knowledge goes, ar feadh m'eolais; go bhfios dom; chomh fada le m'eolas.
To line a walk with trees, crainn a chur feadh cosáin (ar gach taobh).
For a little (while), ar feadh tamaillín.
For a long time he was thought to be dead, ar feadh i bhfad ceapadh go raibh sé marbh.
For many years, ar feadh mórán bliain; le blianta fada.
To the best of my memory, ar feadh mo chuimhne; chomh fada agus is cuimhneach liom.
In the offing, amach ar an bhfairsinge; ar an bhfeadh mhór.
(Of boxer) To be out for seven seconds, luí ar feadh seacht soicind.
As far as lies within my power, ar feadh mo chumais.
To the best of my reckoning, ar feadh m'eolais.
As far as I recollect . . ., ar feadh mo chuimhne . . .
To the best of my recollection, ar feadh mo chuimhne.
To the best of my remembrance, chomh fada le, ar feadh, mo chuimhne.
During my residence abroad, ar feadh mo ré ar an gcoigrích.
For a mile round, feadh míle ar gach taobh.
To run a mile, rith ar feadh mile.
As far as I can see, ar feadh m'eolais, chomh fada le mo thuiscintse.
For a short time, ar feadh tamaill bhig; (in the future) go ceann tamall bhig.
For a space, ar feadh tamaill.
To stick at a task for six hours, fanacht i gceann oibre gan stad ar feadh sé huaire an chloig.
For a long period of time, ar feadh achair fhada.
He was talking away all night, bhí sé ag cur de ar feadh na hoíche.
All the time, i rith an ama, ar feadh na faide.
For weeks at a time, ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile.
To the best of my remembrance, ar feadh mo chuimhne.
For years together, ar feadh blianta i ndiaidh a chéile.
Within the range of vision, ar feadh radhairc.
By the way, (i) ar an mbealach, feadh an bhóthair; (ii) dála an scéil; ós ag caint, ag trácht (dúinn), air é.
What I can't get done in the week I do on Sundays, an méid nach n-éiríonn liom a dhéanamh ar feadh na seachtaine déanaim ar an Domhnach é.
He stayed here two weeks, during which time he never left the house, d'fhan sé anseo ar feadh coicíse, agus níor fhág sé an teach i rith an ama.
For a (short) while, (i) ar feadh tamaill; (ii) (future) go ceann tamaill.
All the while, ar feadh na faide, i rith an ama.