Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bain · biail · bian · blini · alibi
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He can trace his descent above four hundred years, tá ginealach a chine aige siar tuilleadh is, breis is, ceithre chéad bliain.
F: During aeons upon aeons, ar feadh na mílte míle bliain.
He was ill for years after, bhí sé breoite ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
Three this year as against ten last year, trí cinn i mbliana i gcomórtas le deich gcinn anuraidh.
He is twenty years of age, tá sé fiche bliain d'aois.
Aged twenty years, fiche bliain d'aois.
Ten years ago, deich mbliana go ham seo.
To allow s.o. £100 a year, céad punt sa bhliain a dheonú do dhuine.
He has an allowance of £100 a year, tá céad punt sa bhliain gearrtha dó.
It is almost one hundred years, tá sé céad bliain ach sa bheag.
Five and twenty years, cúig bliana fichead.
In another ten years, faoi cheann deich mbliana eile.
(Taking) one year with another, an bhliain mhaith leis an drochbhliain.
When he arrives at the age of sixty, nuair a bheas sé i gceann a thrí fichid bliain.
(Of time) A few years back, cúpla bliain ó shin.
He is barely twenty, is ar éigean má tá fiche bliain aige.
He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight, tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain).
It's years since I saw him, tá sé na blianta ó chonaic mé é.
At twenty she was beautiful, ba bhreá í i gceann a fiche bliain.
(In time) The day, the year, before, an lá, an bhliain, roimhe sin.
The year before, an bhliain roimhe sin.
She was at her best at thirty, i gceann a deich mbliana fichead bhí sí i mbláth a háilleachta.
He was born in 1870, i mbliain a 1870 a rugadh é. S.a. PURPLE II.
The burden of years, meáchan m na mblianta.
Never a year passes but he writes to us, níl bliain ar bith nach scríobhann sé chugainn.
On the centenary of his death, céad bliain i ndiaidh a bháis.
He will be ten come January, beidh sé deich mbliana faoi Eanáir seo chugainn.
The coming year, an bhliain seo chugainn, seo amach romhainn.
A year's complement, lón m bliana; (of fuel) tine bhliana.
He has completed his twentieth year, tá fiche bliain slánaithe aige.
Agr: Four-course rotation, uainíocht f ceithre bliana.
In the dead of winter, i ndúluachair na bliana.
In the deep of winter, i ndúluachair na bliana.
To do ten years (in prison), deich mbliana a chur isteach (i bpríosún).
Dominical year, bliain an Tiarna.
During the earlier months of the year, i gcaitheamh míonna tosaigh na bliana.
Early in the year, i dtosach na bliana; go luath sa bhliain.
The ecclesiastical year, an bhliain eaglasta.
He is eight, tá sé ocht mbliana d'aois; tá ocht mbliana aige.
Eighty years, persons, ochtó, ceithre fichid, bliain, duine.
Eighty-five years, cúig bliana agus ochtó, agus ceithre fichid.
He is eleven, tá sé aon bhliain déag d'aois; tá aon bhliain déag aige.
He has entered upon his sixty-second year, tá sé sa dara bliain is trí scóir anois.
New Year's Eve, Oíche Chinn Bhliana.
That firm has been in existence for fifty years, tá an gnólacht sin ann le caoga bliain.
I haven't set eyes on him for years, ní fhacas dé air le blianta.
Apples are a complete failure this year, tá na húlla meata ar fad i mbliana.
Christmas falls on a Friday this year, ar an Aoine a bheas lá Nollag i mbliana.
As far back as 1900, chomh fada siar leis an mbliain 1900.
He met his fate in 1915, tháinig an bás air sa bhliain 1915.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht