Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: call · ceall · ciallú · cill · iall
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was not accountable for his action, ní as ciall a rinne sé é.
Aggravating language, caint a chuirfeadh fearg ar dhuine, a chuirfeadh duine thar bharr a chéille.
He was in great anger, bhí sé ina cholg nimhe, i mbarr a chéille, le cois.
Anyone would think him mad, shílfeadh duine gur as a chiall a bhí sé.
He is appreciative of music, tá ciall do cheol aige.
He hasn't an atom of sense, níl splaid chéille aige.
His mind broke down, chaill sé a chiall.
Callow youth, an óige gan chiall, gan eolas.
To come to years of discretion, teacht go haois na céille.
Compose yourself! coinnigh guaim ort féin! beir ar do chiall!
To put a good, bad, construction on s.o.'s words, dea-, droch-chiall a bhaint as caint duine.
To drive, to send, s.o. crazy, duine a chur thar bharr a chéille.
I gave him credit for more sense, shíl mé níos mó céille a bheith aige; shamhlaíos níos mó céille leis.
I credited you with more sense, shíl mé go raibh níos mó céille agatsa.
He is a great deal wiser than you, tá i bhfad (Éireann) níos mó céille aige ná mar atá agatsa.
Derangement of mind, saochan m céille, seachráin céille.
It drove him to desperation, chuir sé i mbarr a chéille é.
To come to years of discretion, teacht in aois na tuisceana, na céille.
I was distracted by them, bhí mé thar bharr mo chéille acu, scaipthe acu.
To drive s.o. to distraction, duine a chur thar bharr a chéille.
With a double meaning, agus dhá chiall leis.
He was in high, deep dudgeon, bhí sé ar buile feirge, i mbarr a chéille.
Eloquent look, féachaint lán de chiall, de mhothú.
To get, have, hold of the wrong end of the stick, ciall chontráilte a bhaint as an scéal.
She was exasperated at, by, his insolence, chuir a chuid soibealtachta i mbarr a céille í.
To drive s.o. to exasperation, duine a chur thar bharr a chéille.
He has learnt from bitter experience, tá ciall cheannaithe aige.
To put a false interpretation on sth., ciall chontráilte a thabhairt do rud.
Youth will have its fling, ní thagann ciall roimh aois; ní mór cead radta don óige.
To carry s.o. off his feet, duine a chur thar bharr a chéille (le háthas, le líonrith).
He forgot himself, chaill sé a chiall is a chéadfaí.
He has a great fund of prudence, tá cumhdach mór céille ann.
They knew how to give and take, bhí ciall ranna acu.
He hasn't a grain of sense, níl splanc céille aige.
Keep your hair on! beir ar do chiall!
He has a good head for business, tá ciall mhaith do ghnóthaí aige.
He was talking over their heads, ní raibh ciall acu dá chaint.
Keep your head, beir ar do chiall.
He is off his head, tá sé as a chiall, as a mheabhair.
He went off his head, chaill sé a chiall.
To be lacking in humour, bheith gan ciall do ghreann.
Any man in his senses, fear ar bith agus a chiall is a chéadfaí aige.
Inner meaning, ciall cheilte.
He became insane, chuaigh sé as a chiall, as a mheabhair.
My interpretation of the matter, an chiall a bhainimse as an scéal.
You ought to know better at your age, ba chóir go mbeadh a athrach de chiall agat san aois ina bhfuil tú.
I have learnt better since then, fuaireas ciall cheannaithe ó shin.
It is never too late to learn; live and learn, faigheann seancheann féin ciall.
To read s.o. a lesson, fios a chéille a thabhairt do dhuine.
He kept a level head, choinnigh sé greim ar a chiall.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht