ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To blow out a candle, coinneal a mhúchadh le séideog.
The candle has burnt itself out, tá an choinneal caite,
Wax candle, coinneal chéarach.
Tallow candle, coinneal gheire.
He cannot hold a candle to you, ní choinneodh sé coinneal dhuit; níl aon ghoir aige ort.
Pyr: Roman candle, coinneal Rómhánach.
By candlelight, le solas coinnle.
Sixty candle-power lamp, lampa seasca coinneal.
Dip-(candle), coinneal thumtha, páideog f.
The candle was flaring in the wind, bhí lasair na coinnle ag titim agus ag éirí ar an ngaoth.
His eyes flashed fire, bhí faghairt ina shúile, tháinig coinneal ina shúile.
The candle flickered out, thosaigh solas na coinnle ag preabarnach gur mhúch sé.
A frenzied expression, gealach, coinneal, sna súile.
I groped for, after, the candle, bhíos ag smúrthacht romham go bhfaighinn an choinneal,
Ecc: (Taper-)hearse, cliath f coinneal.
His eyes lit up, tháinig coinneal ina shúile.
F: To burn the midnight oil, coinneal airneáin a chaitheamh.
Prov: In for a penny in for a pound, ó loisc mé an choinneal loiscfidh mé an t-orlach.
The Feast of the Purification, Lá Fhéile Muire na gCoinneal.
Please remove the candle a little, druid uaim an choinneal beagán le do thoil.
To snuff out a candle, coinneal a mhúchadh idir do mhéara.
To stick a candle in a bottle, coinneal a shacadh i mbuidéal.
Her face had a waxed pallor, bhí sí chomh bán san aghaidh le céir na gcoinneal.