ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Take a step back, tóg coiscéim ar gcúl.
He blew in on his way, sciorr sé isteach ar a choiscéim.
Buoyant step, coiscéim f éasca.
His deliberate tread, a choiscéim mhall righin.
Fairy footsteps, coiscéimeanna éadroma.
He fancied he heard footsteps, shíl sé gur airigh sé coiscéimeanna.
He has a light, a heavy, foot, tá coiscéim éadrom, trom, aige; tá sé éadrom, trom, ar a chois.
Heavy tread, coiscéim throm.
Hop, skip and jump, preab, coiscéim agus léim.
To mend one's pace, do choiscéim a ghéarú.
Mincing steps, coiscéimeanna beaga, gearra.
To quicken one's pace, do choiscéim a ghéarú; géarú ar do chois.
To pace (off) a distance, fad a thomhas ina choiscéimeanna.
F: It is time to push off, tá sé in am a bheith ag baint coiscéime as.
Regular footsteps, coiscéimeanna tomhaiste.
To retrace one's steps, filleadh ar do choiscéim.
Rhythmical tread, coiscéimeanna tomhaiste.
Seven-leagued boots, bróga fpl draíochta (a thabharfadh an cnoc de léim agus an gleann de choiscéim).
Short steps, coiscéimeanna gearra.
He quickened his pace and so did I, ghéaraigh sé a choiscéim agus rinne mise mar an gcéanna.
Soft step, coiscéim chiúin, shocair.
To take a step backwards, dul coiscéim ar gcúl.
Within a step of the house, faoi choiscéim den teach.
Tottering steps, coiscéim thuisleach.
I heard the heavy tramp of the soldiers, chuala mé coiscéimeanna troma na saighdiúirí.
The sound of a heavy tread, torann m coiscéime troime.
The measured tread of a policeman, coiscéim thomhaiste garda.
Uncertain steps, coiscéimeanna corracha.
Unfaltering steps, coiscéimeanna sturrúla.
It's only a short walk (from here), níl ann ach cúpla coiscéim ón áit seo.