Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cantóir · coirt · conduit · contrite · cúirt
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A: To admonish s.o. of danger, duine a chur ar a fhaichill ar chontúirt.
He is fully alive to the danger, tuigeann sé go maith an chontúirt atá ann.
He is apprehensive of danger, tá eagla air go bhfuil contúirt ann.
To assure s.o. against danger, duine a chaomhnú ar chontúirt, dul idir duine agus contúirt.
He is awake to the danger, tuigeann sé an chontúirt atá ann.
He is awake to the danger, tuigeann sé an chontúirt atá ann.
To awaken s.o. to the sense of danger, an chontúirt a chur ar a shúile do dhuine.
I am fully aware of the danger, is maith is eol dom an chontúirt atá ann.
To carry one's life in one's hands, bheith i gcontúirt báis.
'All Clear! 'contúirt thart!'
To stand clear, fanacht amach (ó chontúirt).
To confront the enemy, a danger, aghaidh a thabhairt ar an namhaid, ar chontúirt.
To court danger, dul i mbealach na contúirte.
Critically ill, i gcontúirt bháis (ag breoiteacht).
To run into danger, dul sa chontúirt.
It is in danger of falling, tá sé i gcontúirt titim.
He warded off the danger, choinnigh sé an chontúirt uaidh.
To ensure against danger, ullmhú in aghaidh na contúirte.
He exposed himself to danger, chuir sé é féin i mbealach na contúirte.
Race threatened with extinction, cine i gcontúirt imeacht in éag.
In the face of danger, i láthair na contúirte.
I had a feeling of danger, mhothaíos go raibh contúirt ann.
F: I am not going to pull the chestnuts out of the fire for him, ní chuirfeadsa mé féin i gcontúirt chun breith ar a aithreachas a thabhairt dósan.
To fly from danger, teitheadh ón gcontúirt; an baol a sheachaint.
F: To grasp a nettle, aghaidh a thabhairt ar an gcontúirt.
The impending danger, an chontúirt i ngar (dúinn, etc.).
To insure against a danger, teacht roimh chontúirt.
To be in jeopardy, bheith i gcontúirt, i nguais.
To keep out of danger, an chontúirt a sheachaint.
Therein lies the danger, ansin atá an chontúirt.
Danger looming ahead, contúirt á tuar dúinn.
Out of danger, as baol, as contúirt.
In peril of your life, i gcontúirt, i mbaol, d'anama.
Potential danger, contúirt fholaigh.
To provide against a danger, bun a dhéanamh in aghaidh contúirte.
To risk one's life, do bheo a chur i gcontúirt.
Safe beach, trá gan chontúirt.
Is it safe to leave him alone? an bhfuil contúirt ina fhágáil leis féin?
To scoff at dangers, neamhshuim a dhéanamh den chontúirt.
He was sensible of the danger, d'aithin sé an chontúirt.
There is not the slightest danger, níl contúirt dá laghad ann.
F: To smell danger, an chontúirt a aithint roimh ré.
You stand in danger of getting killed, tá tú i gcontúirt do mharaithe.
Steadfast in danger, seasmhach le linn na contúirte.
He is surrounded by dangers, tá contúirt gach taobh de.
He suspects danger, tá contúirt á feiceáil, á tuar, dó.
To trifle with one's health, do shláinte a chur i gcontúirt, a reic; neamhshuim a dhéanamh do do shláinte.
Sport not unattended by danger, spórt nach bhfuil saor ó chontúirt.
F: At the moment of danger he vanished, ghlan sé leis ar uair na contúirte.
To warn s.o. of a danger, duine a chur ar a fhaichill, ar a aire, ar chontúirt.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht