ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Chequered career, saol corrach.
I was not conscious of having moved, níor airigh mé mé féin ag corraí.
Conscious movement, corraí comhfhiosach.
He is as cool as a cucumber, ní féidir corraí a bhaint as; is é an fuarthé é.
Crazy furniture, troscán croite, corrach.
Denotations of an uneasy conscience, comharthaí coinsiasa chorraigh.
Please don't disturb yourself, ná corraigh.
F: He lay doggo, d'fhan sé gan corraí, luigh sé siar ina spéice.
F: Make an effort! corraigh tú fhéin!
Erratic life, saol siúlach, corrach.
A fitful sleep, codladh corrach.
Go it!, corraigh ort! treise leat! Dia leat!
F: Tug at one's heart-strings, corraí m croí.
Heated debate, caibidil chorrach; díospóireacht theasaí.
He moved heavily, chorraigh sé go hanacrach.
Knock-about life, saol corrach, fánach.
He has a lively time of it, tá saol corrach aige.
To move (about), bheith ag corraí.
He made a movement of impatience, chorraigh sé go mífhoighneach.
Do not, don't, stir, ná corraigh.
Bog orchid, magairlín an chorraigh.
To be prompted by a feeling of pity, corraí le teann trua.
Protruding forehead, baithis chorrach.
He was restless in his sleep, is corrach a chodail sé.
Restless brain, intinn chorrach.
Rough-and-tumble life, saol neamhshocair, corrach.
Sensitive market, margadh corrach.
Look sharp! cuir deifir ort féin! corraigh ort!
Disturbed sleep, codladh corrach.
To be on slippery ground, bheith ar chosán corrach.
He could not stir a foot, (i) ní raibh corraí coise ná láimhe ann; (ii) ní raibh cead corraí aige.
To stir the fire, an tine a chorraí.
To stir s.o.'s anger, duine a chorraí chun feirge.
To sit without stirring, suí gan corraí.
Don't stir from here, ná corraigh as seo.
Hurry up there! corraigh ort!
He was tossing in his sleep, bhí sé ag corraí trína chodladh.
Tremulous writing, scríbhneoireacht chorrach.
Troubled period (of history), ré corrach, achrannach (staire).
Troublous times, saol corrach.
Uneasy sleep, codladh corrach.
They lived unhappily together, caidreamh corrach a bhí acu.
Unquiet times, saol corrach.
To be unsteady on one's legs, bheith corrach ar do chosa.
To stir up sediment, an dríodar a chorraí, a shuaitheadh.
Wavy line, líne chorrach.
When I will to move my arm . . ., nuair is mian liom mo lámh a chorraí . . .
Wobbly chair, cathaoir chorrach.