ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Why were you absent from school? cén fáth nach raibh tú ar scoil?
Additional reason, fáth m eile.
Alleged reason (for it), an fáth a cuireadh, a tugadh, leis.
To assign a reason for sth., fáth a chur le rud.
(Emphatic) Why are you not working? I am working, cén fáth nach bhfuil tú ag obair? Nach bhfuilim ag obair!
I can understand your doing it, tuigim cén fáth a ndearna tú é; thuigfinn go ndéanfá é.
He has good cause for doing it, tá údar maith, fáth mór, aige lena dhéanamh.
I cannot conceive why you should allow it, ní fhéadaim a thuiscint cén fáth a gceadaíonn tú é.
I don't know why he acts as he does, níl a fhios agam cén fáth a ndéanann sé na rudaí a dhéanann sé.
Why don't you work? I do work, cén fáth nach mbíonn tú ag obair? -- Nach mbím ag obair!
The smile faded away, shíothlaigh fáth an gháire (ar a bhéal).
I fail to understand why . . ., ní féidir liom a thuiscint cén fáth . . .
He fancies he knows everything, ceapann sé go bhfuil fios fátha gach uile ní aige.
Hence his anger, sin fáth a chuid feirge.
How is it that you didn't know? cad fáth nach raibh a fhios agat?
If you can show just cause for it, má tá fáth maith agat leis.
Justifiable action, gníomh a raibh fáth maith leis.
There is no knowing why . . ., níl a fhios cén fáth . . ., ní féidir a rá cad chuige . . .
He acted from mixed motives, is iomaí fáth a bhí aige leis.
He did it for reasons of his own, bhí fáth aige féin lena dhéanamh.
For no particular reason, gan fáth áirithe ar bith.
Private reasons, fáthanna pearsanta.
Jur: Reasons adduced, fáthanna a luaitear (mar chruthú).
He did it for reasons best known to himself, aige féin is fearr a fhios cén fáth a ndearna sé é.
For no reason at all. gan fáth gan ábhar.
F: Without rhyme or reason, gan fáth gan ábhar.
He gave a satisfactory account of his movements, chuir sé fáth le gach a ndearna sé, thug sé cuntas dealraitheach ar a imeachtaí.
There is much to be said for going there, tá fáthanna maithe le dul ann.
The reason is not far to seek, tá an fáth follasach.
Why should you suspect me? cén fáth a mbeifeá in amhras ormsa?
To show cause, reason, fáth a thabhairt, cúis a shuíomh.
Why do you cry so? cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh mar sin?
There is no sort of reason for that, níl fáth ar bith leis sin.
The springs of human action, tosca fpl, fios fátha, bearta an duine.
Strong reason, fáth maith.
Substantial reason, fáth trom.
Why should I make such a supposition?, cén fáth a gceapfainn a leithéid?
To put s.o. right about a thing or two, fios fátha an scéil a thabhairt do dhuine.
I have umpteen reasons for doing it, is iomaí fáth agam lena dhéanamh.
To take God's name in vain, ainm Dé a thabhairt gan fáth.
Well then, why worry? agus mar sin de cén fáth a mbeadh imní ort?
What did you do that for? cad chuige, cén fáth, ar rinne tú é sin?
Tell me what are you crying for? inis dom cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?
That is (the reason) why . . ., sin (é) an fáth a (ar), nach (nár) . . .