TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
own1, v.tr. 1 Is liom (rud). Who owns this land? cé leis an talamh seo? 2 a Admhaím. To own a child, admháil gur leat féin páiste. b I own I was wrong, admhaím nach raibh an ceart agam. c Géillim do (údarás). 3 v.ind.tr. To own to a mistake, earráid a admháil. To own up to the crime, a admháil gur tú a rinne an choir. F: To own up, tú féin a chiontú.
own2 . 1 a. a Attrib. Mo (do, etc.) . . . féin. Her own money, a cuid airgid féin. Own brother, lándeartháir. I had my own table, bhí bord agam dom féin. I do my own cooking, déanaim féin mo chuid a ghiollacht. I saw it with my own eyes, chonaic mé le mo dhá shúil féin é. b Pred.The house is my own, liom féin an teach. My money and your own, mo chuid airgid féin agus do chuidse. My time is my own, tá an lá uile ar mo chomhairle féin agam. 2 s. a My own, mo chuid féin. I have money of my own, tá airgead de mo chuid féin agam. He did it for reasons of his own, bhí fáth aige féin lena dhéanamh. He has a style all his own, tá stíl dó féin aige. May I have it for my very own? an bhféadfaidh mé a choinneáil dom féin féin? To come into one's own, do cheart féin a fháil. b To do sth. on one's own, rud a dhéanamh (i) as do stuaim féin; (ii) leat féin, asat féin. I am (all) on my own to-day, tá mé liom féin inniu; tá mé i m'aonar inniu.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it of his own accord, rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin.
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.
He did it on his own account, rinne sé é as a stuaim féin, ar a chonlán féin.
By his own account, (i) de réir a chuid cainte féin; de réir mar a deir sé féin; (ii) más fíor dó féin; más cóir aird a thabhairt air.
To own allegiance to a party, bheith faoi ghéillsine ag páirtí.
At my own request, ar m'iarratas féin.
F: He did it off his own bat, ar a chonlán féin a rinne sé é.
For his own behoof, ar mhaithe leis féin.
He is blind to his own interests, ní léir dó a leas féin.
His blood is on his own head, air féin atá an éiric.
He can blow his own trumpet, buaileam sciath atá ann.
Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin.
A man of her own choice, a rogha féin d'fhear; fear ar a mian féin.
As bold as a cock on his own dunghill, chomh teann le madra gearr ina dhoras féin.
Jur: He conducted his own case, phléigh sé, throid sé, a chúis féin (sa chúirt).
He consulted his own interests, is ar a leas féin a bhí sé ag cuimhneamh.
You stand convicted by your own words, as do bhéal féin a chiontaís tú féin.
He kept his (own) counsel, choinnigh sé a intinn aige féin.
He took his own course, rinne sé a bhealach féin.
He defeated his own object, mhill sé faoi fhéin.
He is going to his own destruction, tá sé ar bhealach a bhasctha.
To leave s.o. to his own devices, duine a fhágáil ar a chonlán féin.
He died by his own hand, thug sé anbhás dó féin.
I shall use my own discretion, déanfad de réir mo bhreithiúnais féin.
I'll leave it to your own discretion, fágfaidh mé fút féin é, faoi do chomhairle féin é.
I distrusted my own eyes, níor chreid mé radharc mo shúl.
He was distrustful of his own capabilities, ní raibh aon mhuinín aige as a chumas féin.
As bold as a cock on his own dunghill, chomh teann le madra gearr ina dhoras féin.
I saw it with my own eyes, mo dhá shúil a chonaic é.
Everyone does it in his own fashion, déanann gach duine ar a bhealach féin é.
It is nobody's fault but your own, ní aon duine is ciontach leis ach tú féin.
First set your own house in order, baist do leanbh féin ar dtús.
Fit to earn one's own living, chun fiaigh, chun reatha.
His own flesh and blood, a ghaolta fola féin, a mhuintir féin.
Of his own free will, dá shaorthoil féin.
He is free with what is not his own, is fial a stiall de leathar duine eile.
F: Let him fry in his own grease, a chonách sin air; cion a dhearmaid air féin.
He is full of his own importance, tá sé lán de féin, lán de lán.
To beat s.o. at his own game, tomhas a láimhe féin a thabhairt do dhuine.
Let him gang his own gate, gabhadh sé a bhealach féin.
He gets his own way, tugtar cead a chinn dó.
He got his own back, (i) fuair sé a chuid féin ar ais; (ii) bhain sé díoltas, sásamh, amach.
He went his own way, rinne sé a chomhairle féin.
I am going to have my own way, mo thoil féin a dhéanfad.
He did it for his own gratification, mar shásamh dó féin a rinne sé é.
His guilt be on his own head, ar mhullach a chinn féin go dtite sé.
He gave an answer out of his own head, d'fhreagair sé as a stuaim féin é.
He was hoist with his own petard, an tslat a bhain sé féin a bhuail é.
He held his own against them all, bhain sé ceart den iomlán acu.
He can hold his own, tá a chosnamh féin ann.