Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: faiche · fichu · fighe · fliche · foiche
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is twenty years of age, tá sé fiche bliain d'aois.
Aged twenty years, fiche bliain d'aois.
Twenty men in all, fiche fear, líon a slua.
The law allows you twenty days' grace, tá cairde fiche lá agat de réir dlí.
(Up) to the amount of twenty pounds, a fhad le fiche punt.
Five and twenty years, cúig bliana fichead.
He was profuse in his apologies, ghabh sé fiche leithscéal (mar gheall air).
When he arrives at the age of sixty, nuair a bheas sé i gceann a thrí fichid bliain.
Thirty ayes and twenty noes, tríocha leis agus fiche ina aghaidh.
He is barely twenty, is ar éigean má tá fiche bliain aige.
He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight, tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain).
Herd of twenty beasts, fiche ceann eallach.
At twenty she was beautiful, ba bhreá í i gceann a fiche bliain.
She was at her best at thirty, i gceann a deich mbliana fichead bhí sí i mbláth a háilleachta.
The road is forty foot broad, tá an bealach dhá fhichead troigh ar leithead.
He has completed his twentieth year, tá fiche bliain slánaithe aige.
To be twenty pounds in debt, bheith fiche punt i bhfiacha.
Twenty degrees west of Greenwich, fiche céim laistiar de Greenwich.
He is down for £20, tú fiche punt thíos dó.
He is £20 down, tá sé fiche punt caillteach.
Nau: She draws 20 feet of water, fiche troigh a tharraingíonn sí, an snámh atá aici.
Eighty years, persons, ochtó, ceithre fichid, bliain, duine.
Eighty-five years, cúig bliana agus ochtó, agus ceithre fichid.
He is in the eighties, tá sé sna ceithre fichid, sna ceithre scóir.
He is not far off sixty, níl sé i bhfad ó na trí fichid.
Gold twenty-two carats fine, ór ar ghlaine dhá charat is fiche.
Twenty-first, an t-aonú ceann fichead, ar fhichid, agus fiche.
Twenty thousand foot, fiche míle coisí.
Twenty thousand horse and foot, fiche míle idir chois agus mharcshlua.
Televis: Emission at 25 frames per second, tabhairt de réir cúig fhráma ar fhichid sa tsoicind.
To go twenty miles an hour, dul fiche míle san uair.
I guessed him to be twenty-five, thug mé cúig bliana fichead dó.
Let's have a hand of twenty-five, bíodh cluiche cúig fichead againn.
He got a handicap of twenty yards, tugadh buntáiste fiche slat dó.
Up to and including the 31st December, go dtí an t-aonú lá déag is fiche de Nollaig, agus an lá deireanach san áireamh.
Silver jubilee, iubhaile cúig mbliana fichead.
A little more than twenty years ago, corradh beag le fiche bliain ó shin.
In longitude 200, fiche céim ar domhanfhad.
To make twenty nautical miles, dul de réir fiche míle farraige san uair.
Ever so many times, fiche míle uair.
Thirty years and more, breis agus deich mbliana fichead.
Ship mounting twenty guns, soitheach agus fiche gunna mór uirthi.
Near upon thirty men, i ndeas do dheich, suas le deich, bhfir fhichead.
Ninety-nine horses, naoi gcapall déag is ceithre fichid.
Ninety persons, deichniúr m agus ceithre fichid.
He is in his nineties, tá sé sna déaga is ceithre fichid.
He makes nothing of walking twenty miles, ní dada aige, ní haon chéim leis, fiche míle a shiúl.
Twenty pounds odd, fiche punt agus scillingí corra.
Com: I made an offer of twenty pounds for the horse, thairgeas fiche punt ar an gcapall.
Twenty-one years, bliain is fiche.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht