Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aghaidh · angaidh · angbhaidh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three times a week, trí huaire sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine.
To act adversely to s.o., tarraingt, oibriú, in aghaidh duine.
Against the rules, in aghaidh na rialacha.
To brush a hat against the nap, hata a scuabadh in aghaidh stuif.
Against nature, in aghaidh dola.
To agitate against sth., comhghríosú a dhéanamh in aghaidh ruda.
Wind ahead, gaoth in aghaidh (na loinge).
Alien to sth., in aghaidh ruda.
Answer to a charge, cosaint f in aghaidh cúisithe.
Appeal from a sentence, achomharc in aghaidh breithe.
To appeal from a judgment, achomharc m a dhéanamh in aghaidh breithe.
They arrayed themselves against the King, chuaigh siad d'aonleith in aghaidh an rí.
To be averse to, from, sth., bheith in aghaidh ruda.
To stroke a cat backwards, cat a chuimilt in aghaidh stuif.
To forbid the banns, cur in aghaidh an phósta tar éis a fhógartha.
To bear up against, under, misfortune, an fód a sheasamh in aghaidh na tubaiste; cruachan in aghaidh na hanachaine.
His appearance belies him, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile.
To be brought up short by sth., bualadh in aghaidh ruda,
To bring up sth. against s.o., rud a chur in aghaidh duine.
F: To lead, conduct, a campaign against s.o., cogadh a chothú in aghaidh duine.
To make out a case against s.o., cúis a chur in aghaidh duine.
To charge the postage to the customer, costas m postachta a chur in aghaidh an chustaiméara.
F: To charge into sth., bualadh in aghaidh ruda de ruathar.
Warmly clad, clúdaithe go maith in aghaidh fuaicht.
To heap coals of fire on s.o.'s head, maith a dhéanamh do dhuine in aghaidh an oilc.
Conscientious objector (to sth.), fear a sheasann ar a choinsias (in aghaidh ruda),
He is providing for contingencies, tá sé ag soláthar in aghaidh na timpiste.
Contrary to nature, in aghaidh nádúir.
He maintained, contrary to accepted opinion, that..., d'áitigh sé. in aghaidh bharúil choitianta na ndaoine, go...,
He ran counter to his orders, chuaigh sé in aghaidh a chuid orduithe; rinne sé contrárthacht a chuid orduithe.
The car crashed into a tree, buaileadh an carr in aghaidh crainn.
To take criminal proceedings against s.o., cúis choiriúil a chur in aghaidh duine.
To cross s.o.'s plans, cur in aghaidh duine; cur as do scéimeanna duine.
v.i.To declare for, against, sth., taobhú le rud go poiblí, cur in aghaidh ruda go poiblí.
To deny the door to s.o., an doras a dhúnadh in aghaidh duine.
To disincline s.o. to sth., to do sth., duine a chlaonadh in aghaidh ruda, leisce a chur ar dhuine rud a dhéanamh.
He is an enemy to discipline, tá sé in aghaidh disciplín.
We must ensure against hunger, caithfimid soláthar in aghaidh an ocrais.
To ensure against danger, ullmhú in aghaidh na contúirte.
To enter an action against s.o., cúis dlí a chur síos in aghaidh duine.
It is not etiquette to do that kind of thing, tá sé in aghaidh béasa a leithéid sin a dhéanamh.
He is getting better every day, tá sé ag dul i bhfeabhas in aghaidh an lae.
He turned state evidence, d'iompaigh sé ina fhinné stáit (agus chruthaigh in aghaidh a chomrádaithe).
To exclaim at, against, an injustice, cur os ard in aghaidh na héagóra.
To fly in the face of the evidence, dul in aghaidh na fianaise.
He found himself in a false position, sáinníodh é sa chaoi go mb'éigean dó dul in aghaidh a choinsiasa féin.
To bet against the field, geall a chur in aghaidh na páirce.
To fight against disease, troid in aghaidh an ghalair.
To put one's foot down against, upon, sth., cos a chur in aghaidh (scéime); cos a bhualadh i dteannta ar (dhrochbhéas).
For one enemy he has a hundred friends, in aghaidh gach aon namhad dá bhfuil aige tá céad cara.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht