ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To carry goods by air, earraí a iompar in árthach aeir.
To allow so much for carriage, an oiread seo a fhágáil os coinne iompair.
He bore himself well, d'iompair sé é féin i gceart.
To bear out a body, etc., corp, etc., a iompar amach.
Bearing axle, fearsaid f iompair.
Bearing surface, dromchla m iompair.
He behaved well, d'iompair sé é féin go maith; rinne sé é féin a ghiúlán go maith.
Beast of burden, beithíoch m iompair.
Carrying capacity, acmhainn f iompair.
Com: Carriage free, iompar m in aisce.
Carriage paid, iompar m íoctha.
Carriage forward, iompar m le n-íoc.
W.Tel: Carrier-wave, tonn iompair.
Sword at the carry, claíomh ar iompar.
Mil: To carry swords, claimhte a chur ar iompar.
Carrying business, gnó m iompair.
Carrying capacity, cumas m iompair.
Carrying of arms, iompar m arm.
F: Such carryings on! a leithéid de mhí-iompar! a leithéid d'ealaín!
F: He behaves like a decent Christian, iompraíonn sé é féin go cuí, go gnaíúil.
He comports himself well, iompraíonn sé é féin go maith.
Conduct towards s.o., iompar le duine.
He conducts himself (well, badly), iompraíonn sé (go maith, go holc) é féin.
Control yourself, iompair thú féin! lig fút!
Public system of conveyance, córas m iompair poiblí.
Conveyer-belt, belt-conveyer, crios f iompair.
Spiral conveyor, bís iompair.
Fair, square, dealing(s), iompar m ionraic.
I demean myself honourably, iompraím mé féin go hionraic.
F: She is expecting, tá sí le haghaidh clainne, tá sí ag iompar, ag giúlán.
Attitude expressive of disdain, iompar a nocht an drochmheas.
She is in the family way, tá sí ag iompar clainne.
Good conduct, good behaviour, dea-iompar.
Good-conduct prize, duais ar dhea-iompar.
He is a great gossip, is mór an fear iompair scéala é.
Heavy with child, torrach, ag iompar chlainne.
La-di-da manner, iompar baothghalánta; geáitsí mpl ardnósacha.
She behaves like a lady, iompraíonn sí í féin go múinte, mar is dual do bhean uasal.
P: To lam (into) s.o., iompar a chraicinn a ghabháil ar dhuine.
To give s.o. a good licking, iompar a chraicinn a bhualadh ar dhuine.
Behave like a man, iompar tú féin i d'fhear.
To lug sth. about with one, bheith ag iompar ruda ó áit go háit.
Lunatic behaviour, iompar gan chiall.
Mechanical transport, iompar meicniúil.
Air is the medium of sound, is é an t-aer meán iompair na fuaime; an t-aer a iompraíonn an fhuaim.
To misconduct oneself, tú féin a iompar go dona.
To misdemean oneself, tú féin a iompar go dona.
He was carried away by his own momentum, an fuinneamh a bhí leis féin d'iompair sé ar aghaidh é.
Have you any money on you? an bhfuil aon phingin airgid ar iompar agat?
To behave as one ought, tú féin a iompar mar is ceart.