Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: fada · lead · leadaí · leadar · leafa
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is difficult of access, is deacair a ghabháil chomh fada leis.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
So long ago, as long ago, as 1840, chomh fada siar le 1840.
I cannot go any further, ní thig liom dul níos faide.
I knew him away back in 1900, bhí aithne agam air chomh fada siar le 1900.
As far back as 1914, chomh fada siar le 1914.
As concerns ..., chomh fada le . . ., i dtaca le . . ., mar le...
That is diametrically opposed to the truth, tá sin bunoscionn ar fad leis an bhfírinne.
Double as long as . . ., dhá uair chomh fada le..., níos faide faoi dhó ná...
As early as the tenth century, chomh fada siar leis an deichiú haois.
F: To go empty away, imeacht agus an dá láimh chomh fada le chéile.
To return empty-handed, F: filleadh abhaile agus do dhá láimh chomh fada le chéile.
In my estimation, chomh fada le mo bharúilse.
To carry a canal as far as the sea, canáil a ghearradh chomh fada leis an bhfarraige.
As far as that goes..., chomh fada leis sin de . . .
As far as I remember, chomh fada le mo chuimhne; más maith mo chuimhne.
As far back as 1900, chomh fada siar leis an mbliain 1900.
To carry on a stubborn fight against s.o., troid fhada righin a dhéanamh le duine.
As for that..., chomh fada leis sin de ...
From of old, (riamh) le sinsireacht, le fios cathain, le fada an lá.
He gathered all his strength to raise the stone, chuir sé a neart ar fad leis an gcloch á tógáil.
To get round to every boy in the class, teacht fad le gach aon bhuachaill sa rang.
The news got through to them, tháinig an scéal fad leo.
Tp: I got through to him, chuireas glaoch fad leis; d'éirigh liom glaoch air.
He was given over to evil courses, bhí sé imithe, ligthe, leis an olc ar fad.
I had given him up (for lost), is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis.
To have a good grizzle, guaireán, canrán fada, a dhéanamh (le duine).
Time hangs heavy on my hands, is fada liom an lá.
I hate his going so far away, is mairg liom a imeacht an fad sin ó bhaile.
Time hangs heavily on his hands, is fada leis an lá.
He was off before you could say Jack Robinson, bhí sé bailithe leis fad a bheadh 'Dia le m'anam' á rá agat.
(Of ship, etc.) It can turn in its own length, tig léi casadh laistigh dá fad féin, ar a fad féin.
Have you got (to) that length with him, an bhfuilir dulta chomh fada sin leis, tagtha go dtí sin leis.
I draw the line at that, ní rachainn chomh fada leis sin.
To make sth. longer, fad a chur le rud.
For a long time past he had been contemplating this step, le fada roimhe sin bhí sé ag cuimhneamh ar an méid sin a dhéanamh.
Stay as long as you like, fan cibé fad is maith leat.
I have long been expecting him, is fada mé ag feitheamh leis.
Long felt want, easpa atá le fada ann.
I long to see her, is fada liom go bhfeicead í; tá mé ag tnúth lena feiceáil.
To be accustomed to late nights, bheith cleachta le hairneán fada.
He had an air of dignity not unmingled with shyness, bhí bealach uasal leis nach raibh saor ar fad ó chúthaileacht.
It is nothing near so large as. . ., is fada uaidh bheith chomh mór le . . .; níl sé in aon chor chomh mór le. . .
Old-established custom, gnás atá ann le fada an lá.
What he says is opposed to all reason, tá an ní a deir sé bunoscionn ar fad le réasún; níl an rud a deir sé ag luí le réasún ar chor ar bith.
In all this imagination plays a large part, tá cuid mhór le déanamh ag an tsamhlaíocht leis seo ar fad.
During the King's pleasure, fad agus is toil leis an rí é.
The rumour reached him, tháinig an scéal reatha chomh fada leis.
It reaches down to the floor, téann sé chomh fada le, go, hurlár.
To the best of my remembrance, chomh fada le, ar feadh, mo chuimhne.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht