Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: eabhar · meabhlaire · imleabhar · machaire · meabhraigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é meabhair de: eabhar »
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
His conversation bespeaks a man of intelligence, d'aithneofá ar a chomhrá gur duine meabhrach é.
I was quite clear-headed, bhí mo mheabhair go baileach agam.
He collected his thoughts, chruinnigh sé a mheabhair.
When he came to himself, (i) nuair a tháinig a mheabhair ar ais chuige; (ii) nuair a d'éirigh sé as a chuid drochbhealaí.
Jur: Non compos (mentis), as a mheabhair; F: éadrom (sa cheann).
Power of concentration, cumas dianmhachnaimh, cumas m cruinnithe meabhrach.
From this I conclude that . . ., is é an mheabhair, an t-adhmad, a bhainim as seo, go (nach) . . .
He is conscious, tá mothú, meabhair, aithne, ann.
He became conscious, tháinig mothú, meabhair, aithne, ann.
I was in a daze, bhí speabhraídí orm, bhíos gan mhothú, gan mheabhair.
To drive s.o. out of his senses, duine a chur as a mheabhair; an intinn a ardú ar dhuine.
Mental exercise, cleachtadh m meabhrach.
Gather your thoughts, cruinnigh do mheabhair.
He is off his head, tá sé as a chiall, as a mheabhair.
To draw an inference from sth., meabhair, tát m, a bhaint as rud.
He became insane, chuaigh sé as a chiall, as a mheabhair.
He lost his reason, chuaigh dá mheabhair; scar a chiall leis.
Med: Lucid interval, tréimhse mheabhrach.
He went mad, chuaigh sé ar mire, le craobhacha, as a mheabhair.
He was mad with pain, bhí sé as a mheabhair le teann péine.
I can't make it out, níl mé in ann aon mheabhair a bhaint as.
That ought to be dear to the meanest intelligence, ba chóir go mbeadh an méid sin intuigthe ag an té is lú meabhair.
Mental deficiency, éalang mheabhrach.
A mental case, othar m meabhrach.
Mth: Mental work, obair mheabhrach.
He is out of his mind, tá sé as a chiall, as a mheabhair.
He is off his nut, tá sé as a mheabhair, as a chiall.
He is out of his mind, tá sé as a mheabhair.
It is my persuasion that he is mad, is é mo thuairim láidir go bhfuil sé as a mheabhair.
He is in full possession of his faculties, tá a mheabhair agus a aithne aige.
His powers are failing, tá an mheabhair ag meath aige.
He lost his reason, chuaigh sé as a mheabhair.
He recovered consciousness, tháinig a mheabhair chuige; tháinig sé chuige féin.
He regained consciousness, tháinig a mheabhair ar ais chuige.
He thinks for himself, tá meabhair dá chuid féin aige.
Have you taken leave of your senses? an as do mheabhair atá tú? an é rud a chaill tú do chiall?
The wine had sharpened his wits, mhúscail an fíon an mheabhair ann.
He is not all there, tá easnamh (meabhrach) air.
I think he is crazy, feictear domsa go bhfuil sé as a mheabhair.
Collect your thoughts! cruinnigh do mheabhair!
He has a fine sense of touch, tá meabhair f na lámh go cruinn aige.
You will turn me mad, cuirfidh tú as mo mheabhair mé.
Wanting in intelligence, i ndíth meabhrach, lagmheabhrach.
To be out of one's wits, to have lost one's wits, bheith as do mheabhair.
Collect your wits! beir ar do chiall! cruinnigh do mheabhair!
Your wits have gone wool-gathering, tá do mheabhair ar fán uait.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht