ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Sitting amongst her children, ina suí i measc a clainne.
v.tr.To blend sth. with sth., rud a chumasc, a mheascadh, le rud.
To blend wines, fíonta a mheascadh le chéile.
In certain circles, i measc dreamanna áirithe.
In theatrical circles, i measc lucht amharclainne.
To cross breeds, pórtha a mheascadh, a chrosáil.
Concrete mixing drum, druma measctha coincréite.
Cin: To fade one scene into another, dhá radharc a mheascadh ina chéile.
F: He is like a fish out of water, tá sé mar a bheadh cág i measc péacóg.
A fomenter of discord, maide m measctha, clampróir m.
He came forth from amongst the crowd, tháinig sé amach as measc an tslua.
He got into bad company, casadh i measc droch-chomrádaithe é.
In the crowd, i measc an tslua.
To jumble everything up, gach rud a mheascadh, a chur trína chéile.
Mixed metaphor, meafar measctha.
In the midst of the crowd, i measc an tslua.
In our midst, inár measc.
To mix two races, dhá chine a mheascadh le chéile.
Mixed company, comhluadar measctha.
Mixed marriage, pósadh measctha.
Mixed school, scoil mheasctha; scoil buachaillí agus cailíní.
Ten: Mixed double, cluiche dúbailte measctha.
Mus: Mixture-stop, dulán m measctha.
There were not a few women amongst them, níor bheag a raibh de mhná ina measc.
A scholar of scholars, scoláire as measc scoláirí; scoláire thar scoláirí.
To pick s.o. out from the crowd, duine a aithint as measc an chruinnithe.
In high places, i measc na n-uasal.
Promiscuous bathing, snámh measctha.
In high quarters, i measc na ndaoine móra.
To reckon sth. among, with . . ., rud a áireamh i measc . . .
In responsible quarters, i measc lucht údaráis.
To rummage about among old papers, siortú i measc seanpháipéar.
It isn't said in good company, níl sé inráite i measc daoine fiúntacha.
To single s.o. out for praise, moladh a thabhairt do dhuine as measc cáich.
To give one's tea a stir, an tae a mheascadh.
To stir the porridge, an leite a mheascadh, a shuaitheadh.
He is a triton among minnows, is fathach i measc abhac é.
The roads weave through the valleys, sníonn na bóithre i measc na ngleannta.
In well-informed quarters, i measc lucht eolais.
Within the committee, i measc an choiste.