Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ise · maise · méise · milse · miser
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Yours affectionately, mise le díograis.
I come after he goes, tiocfaidh mise tar éis dó sin imeacht, nuair a bheas seisean imithe.
I also got a pair of shoes, (i) fuair mise freisin péire bróg; (ii) lena chois sin fuair mé péire bróg.
I will answer for him, beidh mise freagrach as.
I will answer for it that . . ., rachaidh mise i mbannaí go . . .
He will keep silent, as I am an honest man, ní labhróidh sé aon fhocal, rachaidh mise i mbannaí.
If I were you, dá mba mise thusa, dá mbeinn i do bhróga.
Believe me! creid mise dhuit ann!
I must bear the blame, mise a chaithfeas luí faoi.
adv.Both you and I, mise agus tusa le chéile.
Who will do it but me? cé eile a dhéanfas é ach mise?
And where do I come in? agus céard fúmsa? car fhágais mise?
F: You can count me out of that show, fág mise as na cúrsaí sin.
That's a cut above me, tá mise buailte aige sin.
I gave him a shilling as the others had done, thug mise scilling dó, mar a thug an mhuintir eile.
Nor I either, ná mise ach chomh beag, ach oiread.
I'll be even with him yet, beidh mise cúiteach leis siúd fós.
He succeeded at my expense, d'éirigh leis ach mise a bhí thíos leis.
Corr: I remain yours faithfully, is mise le meas.
The responsibility falls on me, is mise atá freagrach ann.
I've fixed him! chuir mise deis air.
I am no fool, ní haon amadán (agat) mise; ní haon leanbh ó aréir (agat) mé.
Pound for pound I am richer than he, punt ar phunt is saibhre mise ná é.
That won't go down with me, ní ghlacfaidh mise lena leithéid sin; ní mheallfar mise leis an saghas san.
F: I guarantee that he won't do it again, mise mar cheap leis, mise faoi dhuit, nach ndéanfaidh sé arís é.
I will go halves in it, tógfaidh mise a leath; bíodh a leath ormsa.
(As a threat) You will hear from me later on! cuirfidh mise i gcéill duit é ar ball.
It is I, (is) mise atá ann.
You and I will go there, rachaidh mise agus tusa ann.
It is I who say it, (is) mise a deir é.
Go and see him, if only to please me, téigh ag breathnú air, mura mbeadh ann ach le mise a shásamh.
If I were you, dá mba mise thusa.
If I were in your place, dá mba mise thú.
If he can't come take me instead, mura féidir leis teacht beir leat mise ina áit, ina ionad.
F: (Of injury) I'll repay him with interest, tabharfaidh mise tomhas a láimhe agus tuilleadh dó; fágfadsa comaoin air.
He involved me in his ruin, tharraing sé mise leis in umar na haimiléise.
I had the laugh on my side, mise a rinne an gáire; agamsa a bhí an gáire.
This licks me, sáraíonn seo mise; téann seo díom.
Like me, ar mo nós, mar mise.
You don't hold your pen like me, ní hionann a bheireas tú féin agus mise ar an bpeann.
I am the loser by it, mise atá thíos leis; mise atá caillteach leis.
I'm your man, (i) mise an fear agat; (ii) tá mé sásta leis sin, oireann sin domsa.
Mark me! mark you! mark my words! cuimhnigh ar a bhfuil mé a rá leat! mise á rá leat!
He will see you and me, feicfidh sé mise agus tusa.
Anybody but me, duine ar bith ach mise,
He saw me, chonaic sé mise.
F: It's me, mise atá ann.
He is younger than me, is óige é ná mise.
Do you mean me? an mise atá tú a rá, a mhaíomh?
I gave him a bit, a piece, of my mind, thug mise le hinsint dó.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht