ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The weather is against us, tá an aimsir ag cur orainn.
Winter is coming on apace, tá an geimhreadh sa mhullach orainn.
His appointment as captain surprised us, bhí iontas orainn cionn is go ndearnadh captaen de, gur ceapadh é mar chaptaen.
We were benighted, rug an oíche orainn.
F: His death leaves a blank, d'fhág a bhás easnamh orainn; níl a shamhail ina dhiaidh ann.
The sun was blazing down on us, bhí an ghrian ag scalladh anuas orainn.
It came as a crushing blow to us, ba mhillteanach an tubaiste, an babhta, orainn é.
This was a bomb-shell to us all, chuir an scéala seo uafás orainn.
This letter came like a bomb-shell, tháinig an litir seo mar a thitfeadh splanc orainn.
We are bound by strict rules, tá rialacha dochta orainn.
We must buckle to, caithfimid teannadh orainn, leagan orainn.
We were caught in the storm, rug an stoirm orainn.
He disappeared from our sight, d'imigh sé as radharc orainn.
Debts due by us, by the firm, fiacha atá orainn, ar an gcomhlacht.
The rain was beating full in our faces, bhí an bháisteach á séideadh cruinn díreach isteach san aghaidh orainn.
He forced his company on us, bhrúigh sé é féin orainn.
If fate goes against us, má thagann an saol salach orainn.
We were charmed with their gracious reception, chuir a bhfáiltiú caoin aoibhneas orainn.
Let us not be over-hasty, ná bíodh barraíocht deifre orainn.
He showed us a clean pair of heels, d'imigh sé orainn.
Try to imagine our position, féach leis an mbail a bhí orainn a shamhlú duit féin.
We are in for a storm, tá doineann ag tarraingt orainn; tá stoirm air.
That leads us to believe that. . ., tugann sin orainn a chreidiúint go . . ., tá le creidiúint againn uaidh sin go . . .
The obstacles that lie in our way, na constaicí atá sa tslí orainn.
It will take (us) a long time, tógfaidh sé i bhfad (orainn); bainfidh sé tamall maith asainn.
Now we shan't be long! (i) beag an mhoill anois orainn! (ii) tá linn anois.
We made bad weather, tháinig drochaimsir orainn.
Int.F: Mercy (on us)! a Dhia mhóir! cumhdach Dé orainn!
Why need he bother us? cad ab áil leis ag cur isteach orainn?
Well I never! cumhdach an Athar Shíoraí orainn! thar a bhfaca tú riamh!
Our particular wrongs, na héagóracha ar leith atá á n-imirt orainn féin.
We have come to a pretty pass, is deas an bhail atá anois orainn.
Invitations are pouring in on us, tá cuirí ag teacht as gach cearn orainn.
Pray for us! guigh orainn!
Iron: We are in a fine predicament! nach deas an bhail atá anois orainn!
We were pressed for time, bhí an t-am ag teannadh orainn.
Since you are so pressing, ón uair go bhfuil tú á thathaint orm (orainn, etc.).
We were struck by a heavy sea, tháinig tonn mhór orainn.
Now we can feel secure, níl aon bhaol anois orainn.
Short of a miracle, we are ruined, mura bhfuil ag Dia, beidh thiar orainn.
At this stage we were interrupted, leis sin féin, ar ala na huaire sin, cuireadh isteach orainn.
Here's a nice, a pretty, state of things, anois atá an bhail orainn.
The enemy swept down upon us, tháinig an namhaid de ruathar anuas orainn.
We thrilled at the news, chuir an scéal aoibheall orainn.
He passed from our view, chuaigh sé ó radharc orainn.
We had a long wait at the station, bhí moill fhada orainn ag an stáisiún.
We are not wanted here, níl iarraidh ar bith anseo orainn, níl fáilte ar bith anseo romhainn.
We are being watched, táthar ag faire orainn.
We are hungry, tá ocras orainn.
Fate weighs heavily on us, is trom lámh na cinniúna orainn.