ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To eat two at a time, péire a ithe le chéile, ag an am (céanna).
They came in two at a time, tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt.
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
To abut two planks, dhá chlár a chur as bun a chéile.
v.i.The two farms adjoin, tá an dá fheirm ag críochantacht, ag síneadh, le chéile.
At half-past two in the afternoon, leathuair tar éis a dó tráthnóna.
He is two hours ahead of me, tá dhá uair de bhuntáiste aige orm.
To ally two families by marriage, cleamhnas a dhéanamh idir dhá theaghlach.
Two hundred and two, dhá chéad is a dó.
They were walking two and two, bhí siad ag siúl ina mbeirteanna.
Draw any two cards, tarraing dhá chárta ar bith.
To get two things apart, dhá rud a scaradh ó chéile.
Two at a time, ina bpéirí.
At two shillings a pound, ar dhá scilling an punt.
One, two, three, and away, aon, dó, trí agus imígí!
Mth: Bar two, a dó barrtha.
(Measure, etc.) It is two miles from here to Galway, tá sé dhá mhíle as seo go Gaillimh.
To bet two to one, an dúbailt a chur.
Between two walls, idir dhá bhalla.
A bird in the hand is worth two in the bush, is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn.
The two voices blend, tá an dá ghuth ag cur le chéile.
He has two strings to his bow, tá dhá ruaim ar a shlat aige.
Three feet by two, trí troithe ar dhá throigh.
By twos, ina bpéirí, ina mbeirteanna.
This one is longer by two feet, is faide de dhá throigh an ceann seo; tá dhá throigh ag an gceann seo ar an gceann eile.
Carry two and seven are nine, dó anall, tabhair leat dó, agus a seacht sin a naoi.
The car caught two pedestrians, theagmhaigh an carr le beirt choisithe.
One-celled, two-celled, aoncheallach, décheallach.
Two-centred arch, áirse dhélárnach.
F: Not to make two bites at a cherry, gnó a dhéanamh d'aon iarraidh; gan aon bhraiteoireacht a dhéanamh.
The two dates clashed, thit an dá chruinniú (chluiche, etc.), ar aon lá amháin.
It is one, two, o'clock, tá sé a haon, a dó, a chlog.
A close connection between two things, dlúthbhaint f idir dhá rud.
Page of two columns, leathanach dhá cholún.
Jur: The two sentences to run concurrently, an dá phionós a chur isteach in éineacht.
Two closely connected trades, dhá cheird a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
The two windows do not correspond, níl an dá fhuinneog ar aon dul le chéile.
They hesitated between two courses, bhí siad idir dhá chomhairle.
He is as cross as two sticks, as a bear, tá sé chomh cantalach le dris.
Add two cupfuls of milk, cuir dhá chupán bainne leis.
Two days later, after, dhá lá ina dhiaidh sin, i gceann dhá lá.
A two-, three-decked vessel, soitheach dhá bhord, trí bhord.
Mil: Two, four, deep, i mbeirteanna, i gceathrair.
Abs.To differentiate between two things, idirdhealú m a dhéanamh idir dhá rud.
Two-, three-dimensional space, spás déthoiseach, tríthoiseach.
There is a discrepancy between the two stories, ní réitíonn an dá scéal le chéile.
To keep two things distinct, idirdhealú a dhéanamh idir dhá rud.
To dovetail two schemes into each other, dhá scéim a fhí ina chéile.
Two of the runners dropped out, thug beirt de na reathaithe suas.
(Expected) The train is due (to arrive) is due in, at two o'clock, tá an traein le teacht ag a dó a chlog.