SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an méid ball atá i gcumann; bheith i do bhall de chumann
fabhar, oibleagáid (comaoin a chur ar dhuine, bheith faoi chomaoin aige); cúiteamh i bhfabhar (i gcomaoin a ndearna sé dom); maisiú, feabhas (comaoin ar scéimh seod); tabhartas, ofráil (comaoin Aifrinn)
baol díobhála nó caillteanais, dainséar (bheith i gcontúirt do bháis, do bháite)
tabhairt (rud a dheonú do dhuine); toiliú, aontú (mar a dheonaigh Dia); é a bheith de ghrásta ionat (dheonaigh sé labhairt liom); toil (ba é deonú Dé é)
bheith i dteideal, tuilleamh (dlíonn sé onóir; an méid atá dlite duit); bheith de dhualgas ort (dlímid Dia a ghuí)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
nádúrtha, dúchasach (ba dhual athar dó a bheith deas); oiriúnach (an áit is dual duit); i ndán nó beartaithe (do dhuine) (is dual dúinn uile an bás)
cluas a thabhairt do rud (éisteacht le fuaim na gaoithe); cumas cloisteála (tá éisteacht mhaith aige); bheith i do thost, do bhéal a dhúnadh (éist do bhéal)
gan a bheith fada nó ard, gairid; níos lú ná an ceart (tomhas gearr); easpach (gearr i gcúnamh); gar, cóngarach (an áit is giorra dúinn)
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
bail an té nó an ruda atá iomarcach, nó a chaitear as obair toisc gan obair a bheith ann dó
bheith ann, bheith beo, bheith i do bheatha (an mhuintir a mhair an uair sin); leanúint de bheith ann (má mhaireann an aimsir seo); (mar fhocal comhghairdis) (go maire tú do chulaith nua)
tugtha do bheith ag smaoineamh go domhain; maith ag cuimhneamh, tuisceanach, éirimiúil; ar do chéill (tréimhse mheabhrach i dtinneas)
(leis an gcopail) breá, aoibhinn (is méanar dó a shaol; ba mhéanar liom a bheith ann)
aigne, intinn; staid intinne, misneach, aigeantacht (tá ardú meanman ann); fonn (do mheanma a bheith le rud)
gan spleáchas le daoine eile; in ann gníomhú agus smaoineamh dó féin; gan a bheith ag brath ar dhaoine eile ina shlí bheatha
sroicheadh (gur ráinigh sé béal toinne); tarlú (ráinigh dó a bheith ann; ráiníonn sé go bhfuil deabhadh orm; ráineodh go mbeadh sé déanach); éirí (ráinigh leis an obair a chríochnú in am)
sláine agus folláine an choirp; bail nó staid ghinearálta an choirp (bheith i do shláinte); guí fad saoil do dhuine le deoch (seo do shláinte!)