Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: chuaidh · cruaigh · chuig · chuige · ciaigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é chuaigh de: téigh »
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
réamhfhocal in ionad do, de (doras a dhúnadh, bainne a ól, chuaigh sé a chodladh); (a chois na tine; a seacht a chlog)
(le galar, tinneas) i ngreim (chuaigh an slaghdán in ainseal air)
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
gean, grá (le cion ort); meas (cion ar airgead); feidhm, éifeacht (an rud is mó a chuaigh i gcion orm)
húda; cába, clóca; faighneog; colg feirge, círín (chuaigh siad i gcochall a chéile); líon nó eangach i bhfoirm póca chun iasc a thabhairt isteach
éan mór a chuaigh ar díothú cúpla céad bliain ó shin (Ar Oileán Mhuiris san Aigéan Indiach a mhair sé)
gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh); sroicheadh (bhí an t-uisce ag dul go glúine orm); rith (conas tá an scéal ag dul? seo mar a théann an chéad véarsa); cosaint (chuaigh sé pingin mhaith airgid); gabháil, tosú (dul a chodladh, ag léamh); a éirí le (chuaigh agam é a dhéanamh); léamh, tuiscint (is deacair dul amach ar an bhfear sin); teacht (chuaigh feabhas air); titim (ormsa a chuaigh an costas, an milleán); seasamh (is gearr le dul orainn é); teip, múchadh (tá sí ag dul as go mór; tá an lampa ag dul as; chuaigh díom é a dhéanamh); bheith dlite (bhí an méid sin ag dul dó); réiteach le (chuaigh an t-athrú bia go maith dó); imeacht as (dul faoi na gréine); luí isteach le (chuaigh sé sna saighdiúirí); athrú (ag dul i léig, in olcas; ag dul ó mhaith; dul le buile) le cosúlacht nó réiteach (lena máthair a chuaigh sí; ní théann an dá dhath le chéile; téann an deoch síos go maith leis); ceiliúradh, loiceadh (ná téigh siar ar d'fhocal; dul ar gcúl); briseadh, sárú (dul thar fóir; ní rachadh sé thar a fhocal; níl aon dul thairis); polladh (chuaigh an fuacht tríom); caitheamh (ag dul trí airgead); seans (níl aon dul aige air); leagan (dul cainte); bail (ar an dul ina raibh sé); am, ócáid (den dul seo; ar an gcéad dul síos)
achrann, greim (chuaigh duán i bhfostú ann); gabháil, breith ar, greamú (fostaigh sa lúb é); duine a thógáil nó a choinneáil i seirbhís; rud a thógáil ar cíos (carr a fhostú)
an talamh faoi loch nó faoin bhfarraige, tóin poill (chuaigh an long go grinneall); buncharraig, bunsraith talún (rómhar go grinneall)
lár; modh (meán múinteoireachta, na meáin chumarsáide); caighdeán (ar meán); teorainn (chuaigh sé thar meán leis); coim
ainneoin (dá neamhthoil a chuaigh sé ann); col, gráin (neamhthoil a thabhairt do rud)
an uair (nuair a chuaigh sé isteach); toisc, óir (nuair is mar sin atá sé); cé, ainneoin, go (nuair a dhéanfadh focal amháin cúis)
teann (sreang rite); géar, ard (fána rite); sceirdiúil (rite le gaoth); cíocrach, díocasach (rite chun oibre); deacair, diacrach (chuaigh sé rite leis é a dhéanamh)
fán, strae (chuaigh sé ar seachrán); mearbhall, dearmad (seachrán creidimh); díth céille
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig sé siar a chluasa; chuaigh sé siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr (tá na ba siar sa bhainne)
leas, brabach; buntáiste, maitheas (chuaigh an bia ar sochar, chun sochair, dom); toradh (sochar na bó)
an domhan (neamh agus talamh); uachtar crua an domhain os cionn uisce nó faoi uisce (titim ar an talamh; chuaigh an long i dtalamh; poll faoi thalamh); ithir, cré (talamh méith; an talamh a leasú); críoch, tír (talamh na hÉireann, ar thalamh an domhain); maoin talún (tiarna talún; tá teach is talamh aige); ball, spota (talún); bonn, bunús (ar thalamh slán)
trasna (thar muir; léim sé thar claí; dul thar (an) abhainn); os cionn, de dhroim (bhí uisce thar glúine air; chuaigh an roth thar a chos; bhí sé ag cur thar maoil); níos faide ná (ghabh sé thar am; ná tar thar an doras; tá mé thar m'eolas); níos mó ná (níl sé thar leathmhíle, thar na ceithre fichid); seachas (ní aithním thar a chéile iad; an lá seo thar laethanta na bliana)
timpeall (ag siúl thart; thart ar an teach); críochnaithe (tá an cith, an lá sin, thart); a d'imigh tharainn (an mhí seo a chuaigh thart)
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)
ráig (chuaigh mé d'urróg thar an ráille)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht