Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cur fir1 leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir míle ó bhaile é; chuir a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir) cur amach síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt ( cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach cur ar fágáil ina luí ina shuí ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir ar mo chosa ); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe ( cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir an slaghdán orm; cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith ( cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir béic orm); tathant ar (chuir an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar ( a chroí ag cur air) cur as díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad ag cur as duit?) cur chun cur chomh fada le (daoine a chur chun boird); cur os comhair (cuir chuige an t-arán); úsáid le haghaidh (cuir chun tairbhe duit féin é); tabhairt faoi (cur chun oibre) cur de díbirt as cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!) cur faoi cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe ( cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit) cur i ropadh, (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh i gcoinne ruda) cur isteach caitheamh (chuir isteach a théarma); lorg (cur isteach ar phost); teacht salach ar ( ag cur isteach orm) cur le méadú, breisiú (cuir giota eile leis); tacú ( neart go cur le chéile); cur ag foghlaim (cuireadh le múinteoireacht é); tiomáint chuig (duine a chur le buile) cur ó tabhairt suas (cuir uait an chaint sin); scor, deighilt (cuir an bheirt sin ó chéile) cur roimh é a bheith d'aidhm agat (chuir roimhe é a fhoghlaim) cur siar moilliú (cuir siar an clog); cur ar athlá (cruinniú a chur siar); tathant (bia a chur siar ar dhuine) cur suas gríosú (is tusa a chuir suas leis é); diúltú (cur suas de bhia); glacadh le (is deacair cur suas leis) cur thar sábháil (airgead a chur tharat); doirteadh (pota ag cur thairis); síorchaint ( ag cur thairsti ó mhaidin); casadh (roth, long, a chur thart); roinnt (deoch a chur thart); caitheamh, meilt (an a chur thart)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
cosc ruda; cur isteach ar rud
teagmháil le; cur isteach ar; tarlú do (bhain taisme )
cur isteach ar, teagmháil do; ceangal gnó a bheith ag rud le rud eile ( bhaineann liom)
vótáil trí pháipéar a mharcáil agus a chur isteach i mbosca vótála faoi rún
cur (isteach) ar
gabháil le héigean; cur isteach (ar dhuine); griogadh (ag déanamh concais orm a bhí )
ísliú síos, dronn a chur ort féin (cromtha le haois); lúbadh anuas (craobh a chromadh); luí isteach ar (chrom ar ghol)
cur (fáilte a fhearadh, cogadh a fhearadh); doirteadh, sileadh (ag fearadh na ndeor); cur isteach (bhí an deoch ag fearadh air); scaoileadh gairr as an gcorp
an tríú séasúr den bhliain, i ndiaidh an tsamhraidh; saothar, barr, an tséasúir sin (an fómhar a bhaint, a chur isteach); práinn (oibre)
tógáil fáil (ghlac mo thoise; bronntanas a ghlacadh; glacadh isteach sa rang iad); a thógáil ort féin (freagracht a ghlacadh; laethanta saoire a ghlacadh); tógáil, aireachtáil (fearg, misneach, a ghlacadh); faomhadh (glacaim le d'fhocal); cur suas le ( ghlacfainn leis sin uaidh); a theacht ar, gabháil (ghlac dúil sa bhia é)
iarraidh, lorg (bheith san iarratas, ag iarratas); cur isteach go foirmiúil (iarratas ar phost, ar cheadúnas); éileamh, trácht (níl aon iarratas ar bheithígh); lorg síntiús (iarratas do scoil nua, ag bailiú iarratas)
casadh, tiontú (do cheann a iompú); an taobh isteach amach an taobh síos suas a thabhairt de rud; cur coinneáil uait (fearg a iompú); filleadh (d'iompaigh an slaghdán orm); athrú (d'iompaigh bán, ina Chríostaí); camhrú, imeacht géar, searbh ( an fheoil, an bainne, iompaithe)
cur síos i leabhar, ar liosta etc.; cur isteach ar scrúdú, ar phost etc.
ón áit amuigh go dtí an áit istigh; in éineacht le (chuir punt isteach leis); muinteartha (bheith isteach le duine; bíonn siad isteach is amach le chéile)
a dhéanamh lán éirí lán; (le taoide) teacht isteach; an méid an rud a líonann ( líonadh sa bhia sin); búiste ( a líonadh; líonadh a chur i ngé)
síneadh siar; dul chun leapa (dul a luí); dul faoi (luí gréine, gealaí); brú ( an bhróg ag luí orm); cromadh ar rud tabhairt faoi (luigh isteach ar an obair, luigh leis an ól); leagan (luí na tíre); meáchan (faoi luí na bhfód; chuir ina luí air é)
bábóg a oibrítear le sreanga leis an lámh a chur isteach inti
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint ( trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid ( roinnt mhaith airgid aige); beagán ( roinnt cosúil leat)
análú amach, aer a thiomáint amach as an mbéal; síobadh aeir, gaoithe etc. (séidfidh an oíche fós); líonadh le haer (balún a shéideadh); lasadh agus at (aghaidh shéidte); cur go fras (ag séideadh fola); caitheamh (séid isteach ansin é); ionsaí (shéid siad ar an obair); cur suas, griogadh (ag séideadh fút a bhí )
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig siar a chluasa; chuaigh siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr ( na ba siar sa bhainne)
cur isteach (leictreachais)
éirí teann a dhéanamh teann; feistiú, fáscadh, daingniú; coinneáil le (bhí ag teannadh leo); cur (teann ort do chuid éadaigh); dlúthú (bhí an tóir ag teannadh orthu); druidim (teann anall, isteach, liom; ag teannadh ar cheann scríbe)
cumas cur isteach ar dhaoine ar rudaí (faoi thionchar mná)
ó thaobh amháin to taobh eile (dul trasna na habhann, na sráide); crosta (teacht trasna ar dhuine); leithead (cuir isteach ar a thrasna é; dhá throigh ar a thrasna)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht