SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir)
lúba de rópa, súil ribe, gaiste; cor (éisc, lín etc.); babhta (tá dol eile sneachta air); gasra, scata; suim (dol maith airgid)
socrú, ord, eagar; troscán (inneall tí); gléas (inneall a chur ort féin); ord ceart (in ord agus in inneall); gaiste (inneall a chur); meaisín, gléas cumhachta nó tiomána (Inneall a thiomáineann gluaisteáin, traenacha agus eitleáin)
fás tanaí cosúil le snáithe ar chraiceann duine nó ainmhí (ribe gruaige, ribe clúimh); guaire (ribe féasóige); cuma na feirge (ní maith an ribe atá air); gas féir, tráithnín, brobh; sreang gaiste (súil ribe)
gaiste, dol, súil ribe; gléas, fearas; neach ábalta (is é sás a dhéanta é)
gaiste sreangáin chun breith ar choiníní etc.
(le gunna, gaiste) i ngléas, cocáilte; (le néaróga) ar bior, ar cipíní