Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: greasaigh · gruamaigh · geamhaigh · gréasaigh · bréagaigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
feadán caol gearr atá greamaithe den stéig mhór
crúca trom iarainn ar shlabhra nó ar chábla i mbád (Nuair a scaoiltear amach é greamaíonn an crúca sa talamh agus coinníonn sé an bád ina háit)
píosa caol géar miotail le rudaí a ghreamú dá chéile; dealgán (biorán cniotála); lámh (cloig)
cillíní leictreachais greamaithe le chéile chun leictreachas a stóráil
faoi cheangal, feistithe, greamaithe
feistiú nó greamú le rópa, corda etc.; rópa nó corda ceangail (bain an ceangal de); dualgas (níl ceangal orm é a dhéanamh)
cúpón atá greamaithe de sheic bainc etc. agus a choinníonn an seoltóir
lámh mhór; ladar, lapa; lán láimhe; gléas le dhá pháirt d'inneall a ghreamú nó a scaoileadh
cás leathair le haghaidh piostail, a chaitear ar chrios nó a bheadh greamaithe de dhiallait
a léiríonn scaradh etc. (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint etc. (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth); de + a4 = dá4 ; de + an = den; de + ar = dar3 ; de + ár2 = dár1 ; de + ar3 = dár2
ord, eagar; greamú, daingniú; gaireas; cóir cheart
sreang atá sodhóite agus í greamaithe d'ábhar pléasctha le tine a thabhairt dó
achrann, greim (chuaigh duán i bhfostú ann); gabháil, breith ar, greamú (fostaigh sa lúb é); duine a thógáil nó a choinneáil i seirbhís; rud a thógáil ar cíos (carr a fhostú)
ceangal le chéile, nó deisiú, le snáth agus snáthaid; ceangal, greamú (bhí sé fuaite den talamh; fite fuaite ann)
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
ceann de na trasnáin ó bhalla go balla le cláir urláir nó lataí síleála a ghreamú orthu
ceangal, feistiú (greamú den bhalla); greim a bhreith ar rud (greamaigh é sin); dul i bhfostú nó i ngreim i (dul greamaithe i nduine; ghreamaigh an dris ionam)
pluga uisce (sa tsráid, de ghnáth) ar féidir píopa a ghreamú de chun uisce a bhaint as na príomhphíopaí (Tugtar béal tuile air freisin)
aon mheascán bog; leacht greamaitheach liathbhán chun páipéir etc., a ghreamú dá chéile
maide greamaithe de stiúir báid lena hoibriú
píosaí de spúinse nó de chadás greamaithe ar bharr bata le hurláir a ghlanadh; mothall, ceann (mapa gruaige)
ceangal nó greamú dá chéile
athphlandáil; péacán de phlanda amháin a ghreamú ar phlanda eile ionas go ndéanann planda amháin díobh agus go bhfásann sé ann; craiceann ó áit amháin den chorp a chur ar bhall eile atá loite
leabhar beag faoi chlúdach bog a bhfuil a chuid leathanach greamaithe le chéile ach gan iad ceangailte
páipéar a bhfuil sceo gainimh greamaithe le glae air agus a úsáidtear chun adhmad etc. a líomhadh
greamú dhá mhiotal nó dhá phíosa miotail dá chéile le sádar
ceann de dhá stráice chaola adhmaid, miotail nó plaistigh greamaithe faoi bhróga chun gluaiseacht ar shneachta
siúnta a bhfuil ceann de greamaithe ar bhonn docht, rud a chuireann i gcumas aon ní a ghreamaítear ar an gceann eile de casadh thart gan bhac (cathaoir sclóine)
cineál bolta chun plátaí miotail a ghreamú dá chéile
clár nó píosa miotail greamaithe de bhalla, i gcás nó i gcupard etc., le rudaí a choinneáil air
gléas gearrtha mar a bheadh dhá lann greamaithe le chéile ina lár
rópa greamaithe de chúinne íseal seoil leis an seol a ionramháil chun breith i gceart ar an ngaoth, scód
sraith de lúba nó d'fháinní greamaithe as a chéile; fáinne déanta ag rinceoirí le chéile; ceangal, adhastar (tá sé ar slabhra aici)
dhá cheann téide a shnaidhmeadh leis na duail a chur trí agus thar a chéile; dhá phíosa adhmaid a ghreamú le chéile le rádalú a dhéanamh ar a dhá gceann
píosa lúbtha de shreang mhiotail agus é bioraithe ar a dhá cheann le tiomáint trí leathanaigh pháipéir chun iad a ghreamú le chéile; rud mar é seo (agus déanamh U air) le cur in adhmad chun sreang a fheistiú
píosa caol biorach miotail chun píosaí adhmaid a ghreamú
táthú déanta nó tagtha air, greamaithe, snaidhmthe
plúr fliuch agus é fuinte lena bhácáil mar arán; leacht ramhar greamaitheach chun páipéir etc. a ghreamú dá chéile; aon mheascán bog (taos fiacla)
greamú le chéile (miotal a tháthú); snaidhmeadh (cnámh ag táthú); ramhrú, cruachan (leite, císte, ag táthú); aontú (an tír a tháthú)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht