Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: tobar · tombac · bac · oba · tob-
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
tobac fir4 planda faoi dhuilleoga móra a thriomaítear agus a ghearrtar suas le caitheamh i dtoitíní, i dtodóga agus i bpíopaí
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
gal (ghaoithe, tobac etc.); dúchan; scamall dearg ar shúil
duine a chaitheann éadach, bróga, bia, tobac, airgead etc.
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach ( a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
saoirse chun rud a dhéanamh (cead cainte, cead do chinn); ceadúnas (cead tobac, biotáille, a dhíol); pas (cead taistil)
airgead a íoctar as úsáid maoine duine eile, a theach a charr mar shampla; cáin; luach (cíos an tobac)
gráin, olc do dhuine do rud; séanadh (fuath a thabhairt do thobac)
scamall geal a éiríonn as uisce beirithe; toit ag éirí cosúil le gal as sop lasta tobac etc. (gal tobac, gal soip); puth the ghaoithe; fiuchadh fola, teas troda, crógacht; éileamh ( an-ghal ar mhuca); taom, racht (gal tinnis)
nimh, nimhiúlacht, nimhneachas (goimh i gcneá, goimh i gcaint, goimh fuachta); olc, fearg (bhí goimh air chugam); craos, airc (goimh chun tobac)
log sa chos taobh thiar den ghlúin; blúire gráinne beag (ioscaid tobac, tae); iarracht bheag (ioscaid ghaoil)
ceann de dhá cheathrú, leis; dhá unsa tobac; leathvéarsa
lasán; coirnín (maiste tobac)
buile, gealtacht, mearaí; airc, gabhair, cíocras (mearadh tobac)
mearbhall de thoradh (fear meisce, fear ar meisce); mearbhall intinne (meisce chodlata, meisce thobac)
deoch mheisciúil (is daor an t-ól é); claontacht chun óil, ólachán (imithe ar an ól; teach óil); deoch ar bith a shlogadh a ligean siar (ól braon tae; ag ól go trom); caitheamh (ag ól tobac)
feadán miotail, plaistigh cré trína ritheann uisce, gás etc.; cos agus ceann amuigh uirthi chun tobac a chaitheamh
stopallán do pholl; feiste agus bioranna air a théann isteach i soicéad leictreach; píosa tobac
sac, sparán (púitse tobac)
ribe gruaige; snáithe; luid, giobal; pioc, blúire (níl ruainne ar a chnámha; ruainne tobac)
suíochán súgán; rolla (saoiste tobac); roll farraige; maor, fear ceannais
ceann den ghéag a n-eitlíonn éan leo; géag duine; cliathán (sciathán foirgnimh, airm); blúire (sciathán tobac)
greim, lán béil; gal (tobac)
púdar tobac a shúitear tríd an tsrón; aon ábhar tirim atá ina phúdar
duine a dhíolann tobac agus earraí tobac
duilleoga tobac rollta go fáiscthe ar a chéile le caitheamh mar ghal
tobac mionaithe agus é fillte i bpáipéar mín le caitheamh
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht