PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abide at, in, a place, cónaí, bheith i do chónaí, in áit.
Jur: Place of abode, áit chónaithe.
Of, with, no fixed abode, gan aon áit sheasta chónaithe.
He has gone to his account, tá sé ar shlua na marbh, in áit na fírinne.
F: To adjourn to a place, dul go dtí áit. We'll adjourn to the room, rachaimid chun an tseomra.
He established an alibi, chruthaigh sé go raibh sé in áit eile nuair a rinneadh an choir.
To alter the place of sth., rud a aistriú go háit eile.
Can you see it anywhere? an bhfeiceann tú in áit ar bith é?
Anywhere else, aon áit eile.
Not... anywhere, in aon áit, in áit ar bith.
(With definite predicate) (i) He is the best doctor in the place, is é an dochtúir is fearr san áit é.
He belongs to the place, (i) as an áit é; (ii) tá cónaí air san áit.
I belong here, as an áit seo mé.
(Direct) To bend one's steps towards a place, aghaidh do chos a thabhairt ar áit.
To bestow sth., somewhere, rud a chur do leataobh in áit éigin.
To betake oneself to a place, imeacht go dtí áit, áit a thabhairt ort féin.
He has won his blue, tá áit bainte amach ar an bhfoireann (ollscoile) aige.
(Of swimmer) He found bottom again, fuair sé áit a bhonn arís.
F: The place bristled with bayonets, bhí an áit beo le beaignití.
Night broods over the scene, tá uaigneas na hoíche os cionn na háite.
Building site, áit tógála, áit fhoirgníochta.
To come to a place, teacht go dtí áit; áit a shroichint.
That is just where the mistake comes in, sin é an áit díreach a bhfuil an dearmad.
To come out of a place, of a room, teacht amach, as áit, as seomra.
Sch: He came out first, second, fuair sé an chéad áit, an dara háit (sa scrúdú).
To come over from a place, teacht anall as áit.
Confined space, áit chúng.
In safe custody, in áit shábháilte; ar láimh shábháilte.
To cycle to a place, dul go háit ar rothar.
To depart from a place, áit a fhágáil, imeacht as áit.
Dilution of labour, oibrithe neamhoilte a chur in áit ceardaithe.
As to the disposal of the residue . . ., i dtaobh an rud a dhéanfaí leis an bhfuílleach . . ., mar gheall ar an áit a gcuirfí an fuílleach ...
To drag s.o. out of somewhere, duine a tharraingt as áit.
To drive to a place, dul i gcarr go dtí áit.
(Of pers., car, etc.) He (it) dropped into place, chuaigh sé isteach ina áit féin (sa líne),
To drum together the natives, muintir na háite a thiomsú le drumadóireacht.
The first place is due to him, is dleacht, cóir, an chéad áit a thabhairt dó; is dó atá an chéad áit ag dul.
Where on earth have you been? cá rabhais in aon chor? cá háit faoin spéir a raibh tú?
He came in an easy first, bhí an chéad áit aige gan stró.
Where else? cén áit eile?
Somewhere else, áit éigin eile.
Anywhere else, (i) gach áit eile; (ii) (with neg.) aon áit eile.
To entice s.o. away, into a place, duine a mhealladh chun siúil, isteach in áit.
Everything in its place, gach aon rud ina áit féin.
Everywhere you go, gach uile áit a rachaidh tú.
Amid familiar surroundings, in áiteanna aithnidiúla.
F: He plays second fiddle to her, tugann sé tús áite di.
It is found everywhere, faightear i ngach áit é.
To find a leak in a pipe, an áit ina bhfuil píopa ag ligean a aimsiú.
The first place (at table, etc.), tús áite (ag bord, etc.).