PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They were threepence a pound, trí phingin an punt a bhí orthu.
He came about three o'clock, tháinig sé i dtrátha a trí a chlog.
I was agonized at the thought that . . ., bhí sé ag dul tríom a smaoineamh go . . .
To set sth. alight, rud a chur trí thine.
When he arrives at the age of sixty, nuair a bheas sé i gceann a thrí fichid bliain.
It averages (up to) this much, tagann sé a fhad leis an méid seo, tríd agus tríd.
To set sth. in a blaze, rud a chur trí thine.
(Of pers.) To bore (his way) through the crowd, a bhealach a roiseadh tríd an slua.
By the clock it is three, tá sé a trí de réir an chloig.
He will be here by three o'clock, beidh sé anseo roimh a trí a chlog.
To give three cheers, trí gháir mholta a ligean.
To clear a wall (by three inches), an balla a ghlanadh, a scoitheadh (de thrí horlaí).
On three consecutive days, trí lá as a chéile.
To put s.o. out of countenance, duine a chur trí chéile.
To crush one's way through the crowd, bealach a bhrú tríd an slua.
He cut his way through the wood, ghearr sé a bhealach tríd an gcoill.
Hospital financed by voluntary effort, ospidéal a choinnítear suas trí shaothar deonach.
Goods sent in error, earraí a seachadadh trí dhearmad.
It is an account of actual experience, cuntas é ón duine a ghabh tríd.
Her dress caught fire, chuaigh a gúna trí thine.
To set fire to sth., to set sth. on fire, tine a thabhairt do rud, rud a chur trí thine.
To fix one's eyes on s.o., na súile a chur trí dhuine.
To send a plate flying, pláta a scaoileadh tríd an aer.
Three or four years, a trí nó a ceathair de bhlianta.
(Counting) Three, four, five, a trí, a ceathair, a cúig.
I’ll be free at three, beidh mé ar scor ag a trí.
To act from carelessness, beart a dhéanamh trí neamhaire, le teann neamhchúraim; gníomh a dhéanamh le neamhaistear.
F: Taking it full and by..., le gach rud a chur san áireamh ..., tríd agus tríd...
To get a bill through (Parliament), bille a chur tríd an bParlaimint.
Cards: To go two, three, a dó, a trí, a ghlaoch.
It is going on for three o'clock, tá sé ag tarraingt ar a trí a chlog.
I give you three guesses, tabharfad trí sheans duit é a chur amach.
He hacked his way through it, ghearr sé a bhealach tríd.
To do sth. in three hours, rud a dhéanamh i dtrí huaire an chloig.
(Of troops, etc.) To form a lane, bealach (tríothu, eatarthu) a fhágáil.
After a lapse of three months, nuair a bhí trí mhí caite; tar éis trí mhí.
To give s.o. three days' law, trí lá cairde a thabhairt do dhuine.
This lead to the discovery of radium, is tríd seo a thángthas ar an raidiam.
Three from seven leaves four, a trí óna seacht sin a ceathair.
Hyd.E: To lock a boat, bád a thabhairt trí loc canála.
To look s.o. through and through, na súile a chur trí dhuine.
To make three pounds a week, trí phunt sa tseachtain a shaothrú.
I have three times as much as I want, tá a thrí oiread agam agus a theastaíonn uaim.
To muddle things (up), rudaí a chur trí chéile.
To mutter an oath, mionn a rá trí na fiacla.
To put s.o. through his paces, duine a chur tríd an muileann.
To pass sth. out the window, rud a chur amach tríd an bhfuinneog.
Per Messrs. Smith and Co., trí Mhac Gabhann agus a Chomh.
To break into perspiration, an t-allas a bhriseadh amach tríot.
Three point five, a trí pointe a cúig.