Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: adhain · amain · amhail · amhlán · amhrán
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Ablaze with light, ar aon bharr amháin solais.
Once again, uair amháin eile.
It was aglow, bhí sé ina aon chaor amháin.
He has one aim and object in life, níl ar an saol aige ach an t-aon chuspóir amháin.
They were dressed alike, bhí aon éide amháin orthu.
Once for all, aon uair amháin agus an uair dheireanach.
London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . .
Not alone did he steal my money, ní hé amháin gur ghoid sé mo chuid airgid.
Not only... but also..., ní hamháin... ach lena chois..., ach freisin...
Not one amongst them believes it, ní chreideann oiread agus aon duine amháin acu é.
That is one argument against it, sin aon chúis amháin ina aghaidh.
One day as I was sitting ..., lá amháin agus mé in mo shuí . . .
I believe in one God, creidim in aon Dia amháin.
At a (single) blow, d'aon bhuille, d'aon iarraidh amháin.
They went out bodily, chuaigh an t-iomlán acu amach in aon slua amháin.
At a bound, d'aon léim amháin; de phreab.
All in the same breath, in aon rabhán amháin.
F: It is as broad as it is long, aon rud amháin sa deireadh é.
It would make a cat laugh, dá mbeifeá taobh le haon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi.
Were it not for the circumstance that..., murach amháin go . . .
The two dates clashed, thit an dá chruinniú (chluiche, etc.), ar aon lá amháin.
The consecration of a whole life to a single object, dílseacht saoil d'aon chuspóir amháin.
He contented himself with (paying) one visit to it, ba leor leis aon chuairt amháin a thabhairt air.
Different people saw him, chonaic daoine éagsúla é, ní aon duine amháin a chonaic é.
With one dissentient vote, agus aon vóta amháin ina aghaidh.
At a draught, d'aon deoch amháin.
One word was enough to prove that . . ., níor ghá ach, ba leor, an t-aon fhocal amháin chun a dheimhniú go. . .
I didn't even see him, ní fhacas fiú amháin, amháin, é.
Even if, even though, he fails, má theipeann féin air, fiú (amháin) má theipeann air.
If I succeeded even in seeing him, dá n-éireodh liom é a fheiceáil amháin, é a fheiceáil féin, é a fheiceáil fiú amháin.
Present company excepted, ach amháin a bhfuil láithreach.
Except for . . ., ach (amháin), cé is moite de, diomaite de.
The dress is ready except for the buttons, tá an gúna ullamh ach amháin na cnaipí.
Except that, ach amháin go (nach).
With the exception of. . ., ach amháin . . .
The exclusive work of Keating, saothar an Chéitinnigh amháin.
It deals exclusively with . . ., ní bhaineann sé ach le ... amháin.
Exit only, slí amach amháin.
The very fact of your being there . . ., amháin go mbeifeá ann . . .
Apart from the fact that. . ., ach amháin go . . .
In single, Indian, file, duine i ndiaidh an duine, in aon líne amháin.
It went up in flames, d'imigh sé in aon bhladhm amháin.
He flashed a glance of hatred at me, chaith sé aon amharc amháin gránach liom.
We live on the same floor, táimid in ár gcónaí ar an aon urlár amháin.
A coat cut from a single piece of cloth, casóg a gearradh as an aon leithead amháin éadaigh.
The burning houses were a glowing furnace, bhí na tithe ar aon bharr amháin lasrach.
At one go, d'aon iarraidh (amháin).
Goodness (only) knows what I must do, ag Dia amháin atá a fhios cad a chaithfead a dhéanamh.
At one gulp, d'aon ailp, d'aon tslogóg, amháin.
F: He is always harping on the same string, tá aon phort amháin i gcónaí aige; an seamsán céanna atá i gcónaí aige.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News